Baineann fostaithe leas as áis nua chun sonraí pá agus cánach reatha a fheiceáil trí sheirbhís ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim 'moChúrsaí'

Ó 1 Eanáir 2019, tá sonraí pá agus asbhaintí reachtúla á thuairisciú ag fostaithe chuig na Coimisinéirí Ioncaim gach uair a íoctar fostaí Chuir sé seo ar chumas na gCoimisinéirí Ioncaim áis a chur ar fáil d'fhostaithe agus d'fhaighteoirí pinsean ceirde féachaint de réir dáta pá, ar na sonraí pá, cánach, MSU agus ÁSPC a thuairiscigh fostóirí nó soláthraithe pinsin ar a son ó thús na bliana.

Trí úsáid a bhaint as an áis nua, is féidir le fostaithe féachaint ar a gcuid sonraí féin i leith pá agus asbhaintí reachtúla (cáin, MSU, ÁSPC, etc.) i moChúrsaí i 3 chéim shimplí, atá sonraithe i bhfíseán ar www.revenue.ie. Pointe rochtana singil is ea moChúrsaí le haghaidh sheirbhísí slán ar líne uile na gCoimisinéirí Ioncaim agus is é seo an bealach is tapúla, is éasca agus is slán do cháiníocóirí a gcursaí cánach a bhainistiú.

Ó seoladh an áis nua ar an 15 Bealtaine 2019, d’fhéach os cionn 30,000 fostaithe ar bhreis agus 52,000 dhuillíní pá ar moChúrsaí. B’iad na buntáistí a bhaineann le fostaithe a bheith in ann na sonraí is déanaí a thíolaic an fostóir ná:

  • gur féidir le fostaithe a chinntiú go bhfuil cáin, ÁSPC, MSU agus CMÁ asbhainte óna bpá ag a bhfostóir nó a soláthraí pinsin
  • agus
  • go bhfuil na hasbhaintí á dtuairisciú i gceart do na Coimisinéirí Ioncaim.

Léiríonn na sonraí a thaispeántar in moChúrsaí na sonraí a sheol fostóirí chuig na Coimisinéirí Ioncam ar son a bhfostaithe. Má tá aon cheisteanna ag fostaithe i leith na sonraí a tíolacadh chuig na Coimisinéirí Ioncaim, ba chóir dóibh teagmháil a dhéanamh lena bhfostóir ar dtús. Má tá imní fós ar fhostaithe, is féidir leo teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim ag baint úsáid as M’Fhiosruithe.

Go dtí seo, chuaigh níos lú ná 1% de na fostaithe a d'fhéach ar a gcuid sonraí párolla i dteagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim le fiosrúchán a bhaineann leis an eolas a chuir a bhfostóir ar fáil ar a son faoi na socruithe nua. Mar shampla, mar a thuairiscigh cáiníocóir amháin “Thug mé faoi deara go bhfuil duillín pá i leith seachtain amháin ar iarraidh” agus thuairiscigh cáiníocóir eile “go bhfuil mo ranníocaíochtaí fostaí á léiriú go mícheart”. Thuairiscigh fostaí eile “nár sheol m’fhostóir duillíní pá isteach agus táim thar a bheith buartha nach bhfuil an ÍMAT, MSU agus ÁSPC a asbhaineadh uaim íoctha chuig na Coimisinéirí Ioncaim ar chor ar bith”

Ó na teagmhálacha a fuarthas agus óna hanailís féin, tá cásanna aitheanta ag na Coimisinéirí Ioncaim nár oibrigh fostóirí an córas ÍMAT i gceart agus/nó nár chomhlíon siad a gcuid oibleagáidí faoi na socruithe tuairiscithe ÍMAT nua. Tá comhlachtaí poiblí, soláthraithe móra pinsin agus fostóirí sna hearnálacha miondíola, táirge bia agus fáilteachas i measc na bhfostóirí a aithníodh fadhbanna leo.

I measc na cineálacha fadhbanna a aithníodh tá:

  • cáin éigeandála a ghearradh ar fostaithe trí thimpiste
  • fadhbanna le bogearraí párolla ag taispeáint sonraí faoi UPSP mícheart
  •  gan na Fógraí Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim is déanaí a chur i bhfeidhm leis an toradh go mbainfear cáin mhíchruinn ó fhostaithe nó fhostaithe nach bhfuil ag fail aisíocaíochtaí atá dlite dóibh
  • asbhaintí cáin á ríomh go mícheart
  • mionlach d'fhostóirí nach bhfuil sonraí phárolla ar bith curtha isteach acu de réir na socruithe nua.

Chuaigh na Coimisinéirí Ioncaim i dteagmháil go gníomhach leis na fostóirí agus soláthraithe bogearraí atá i gceist chun aird a tharraingt ar na fadhbanna atá ag teacht aníos. Chomh maith leis sin, tá na Coimisinéirí Ioncaim ag cabhrú le fostóirí agus le soláthraithe bogearraí na fadhbanna a aithníodh le haghaidh párolla amach anseo a cheartú, lena n-áirítear sonraí maidir le pá agus cáin a cheartú áit a bhfuil gá. Chomh maith leis an gcaidreamh seo, déanann na Coimisinéirí Ioncaim seiceálacha comhlíontachta atá dírithe ar riosca ar fostóirí i ngnáthchúrsa an ghnó. De réir sin, ní mór d'fhostóirí a thuiscint go hiomlán go bhfuil sé an-tábhachtach go dtuairiscítear na sonraí uile i leith pá agus asbhaintí reachtúla de réir mar a tharlaíonn siad ionas go mbeidh an taifead fostaí fíor-ama cothrom le dáta i gcónaí.

Ceann de na buntáistí a bhaineann le heolas phárolla fhíor-ama a fháil ná an áis do fhostaithe chun a gcuid sonraí reatha pá agus cánach a fheiceáil ar líne in moChúrsaí. I measc na seirbhísí feabhsaithe breise atá ar fáil in moChúrsaí anois tá áis chun seiceáil an bhfuil cáin ar ais dlite agat i rith tréimhsí dífhostaíochta agus áis féinseirbhíse feabhsaithe chun creidmheasanna cánach a dháileadh thar fostaíochtaí éagsúla.

[Críoch 20/06/2019]