Cannabas ar luach €2 milliún gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i gCluain Dolcáin, Baile Átha Cliath

Inné (19/06/2019), le linn oibríocht bunaithe ar fhaisnéis, ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim timpeall 98kg de chanabas luibhe ar luach measta sráide de €1.9milliún ag aonad tionsclaíoch i gCluain Dolcáin, Baile Átha Cliath. 

Bhí an oibríocht seo faoi stiúir ag na Coimisinéirí Ioncaim, an Biúró um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe agus Gardaí ón mBrainse Slándála agus Faisnéise in Iarthar Bhaile Átha Cliath.

Ghabh na Gardaí triúr fear 32, 49 agus 57 bliain d’aois agus tá siad á choinneáil i Stáisiún Gardaí Cluain Dolcáin agus Baile Formaid, faoi fhorálacha Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí), 1996.

Tá imscrúduithe ar bun.

Bhí an oibríocht seo mar chuid de chomh-imscrúdaithe leanúnacha a dhíríonn ar ghrúpaí eagraithe coiriúla ag oibriú idir dlínsí éagsúla. Má tá aon eolas ag gnóthaí nó ag an bpobal maidir le smuigleáil drugaí, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Theileafóin faoi Rún 1800 295 295.

Críoch [20/06/2019]