Toitíní agus alcól gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim i gCalafort Bhaile Átha Cliath

Ghabh oifigigh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim 4,260 toitín agus 450 lítear d’alcól ar luach €8,000 i gcalafort Bhaile Átha Cliath maidin Dé Sathairn (23/03/2019).

Thángthas ar na toitíní agus alcól nuair a rinne oifigigh stopadh agus cuardach ar veain cláraithe thar lear agus a tháinig i dtír ar bhád farantóireachta as Holyhead. Ba é na brandaí ‘Kent’, ‘Pall Mall’, ‘Parliament’ agus ‘Dunhill’ a bhí ar na táirgí tobac. Tá luach iomlán miondíola €7,820 ar na táirgí a gabhadh agus is ionann é agus caillteanas poitéinsil tuairim is €4,670 don Státchiste.

Tá imscrúduithe ar bun.

Tá an urghabháil seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar sholáthar agus ar dhíol táirgí alcól tobac sa scáthgheilleagar. Má tá aon eolas ag gnóthais nó ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir theileafóin faoi rún 1800 295 295.

[Críoch 25/03/2019]