Drugaí gafa ag na Coimisinéirí Ioncaim in Ionaid Phoist Phort Laoise ar luach €194,000
Inniu (06/01/2020), ghabh oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim ag Ionad Poist Phort Laoise drugaí ar luach €194,000.
Mar thoradh ar ghnáthphróifíliú, aimsíodh thar ar 9.1kg de channabas luibhe taobh istigh de 2 bheart a tháinig ó Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhí na pacáistí, a raibh dearbhaithe mar ‘páirteanna ríomhaire’, beartaithe le haghaidh seoltaí éagsúla i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.
Mar chuid d’oibríocht eile, aimsíodh 600 gram breise de channabas luibhe folaithe i mbeart eile le cabhair ó bhrathadóir madra na gCoimisinéirí Ioncaim, Sam. Bhí an beart, a tháinig ón Spáinn, beartaithe le haghaidh seoladh i mBéal Feirste.
Tá imscrúduithe ar bun d’fhonn ionchúiseamh a dhéanamh.
Tá na gabhálacha seo mar chuid d’oibríochtaí leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar smuigleáil drugaí. Má tá aon eolas ag an bpobal maidir le smuigleáil, féadann siad teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an Uimhir Fhóin faoi Rún 1800 295 295.
[CRÍOCH 06/01/2020]