Dáta bailithe na dleachta stampa ar chártaí creidmheasa athraithe go mí Iúil ag na Coimisinéirí Ioncaim

I bhfianaise plean á leagan amach ag an Aire Airgeadais, Pascal Donohoe, chun bailiú na dleachta stampa ar chártaí creidmheasa a chur siar, tá sé deimhnithe ag na Coimisinéirí Ioncaim inniu (18/03/2020) nach mbaileofar an dleacht stampa ar chártaí creidmheasa go dtí 1 Iúil 2020.

Is ar an 1 Aibreán gach bliain a bhailíonn institiúidí airgeadais an dleacht stampa ar chuntais cártaí creidmheasa go hiondúil. Gearrtar dleacht stampa €30 sa bhliain ar gach cuntas cárta creidmheasa. Tar éis fhógra an Aire Donohoe inniu, tá bailiú na dleachta stampa ar chuntais cártaí creidmheasa curtha siar go dtí 1 Iúil 2020.

Ní gá do shealbhóirí aonair cuntais cártaí creidmheasa aon ghníomh a thógáil. Athróidh na hinstitiúidí airgeadais an dáta bailithe seo go huathoibríoch.

[Críoch 18/03/2020]