Preasócáid Thuarascáil Bhliantúil 2017 na gCoimisinéirí Ioncaim

Ráiteas réamhrá leis an gCoimisinéir Niall Cody, Cathaoirleach

Thar ceann an Bhoird, tá áthas orm ár dTuarascáil Bhliantúil do 2017 a chur in bhur láthair. Is é seo an 95ú Tuarascáil Bhliantúil agus an chéad tuarascáil ar dhul chun cinn ár Ráitis Straitéise don tréimhse 2017–2019. Is iad an dá cholún straitéiseacha s’againn don tréimhse seo ná seirbhís chun tacú le comhlíontacht a sholáthar, agus chun aghaidh a thabhairt ar neamhchomhlíontacht. Tabharfaidh mé daoibh ar maidin léargas ginearálta ar thorthaí 2017 ina léirítear an dul chun cinn suntasach a rinneadh, agus labhróidh mé chomh maith faoi chuid dár bpleananna do 2018 agus amach anseo.

Tuairisceáin chánach

In 2017, bhailigh na Coimisinéirí Ioncaim €50.76 billiún i gcánacha, dleachtanna agus tobhaigh. Is é seo an seachtú méadú bliantúil i ndiaidh a chéile agus tá sé seo €2.8 billiún níos mó ná mar a bhí in 2016. Bhí méadú sna fáltais ó chánacha ar ioncam, méadú 4%, méadú 7% in CBL, agus méadú 11% i gCáin Chorparáide.

Táimid ag foilsiú inniu roinnt páipéar taighde de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim agus tuairiscí ar chánacha caipitiúla; cáin chorparáide; dleachtanna máil; dinimicí ioncaim agus treochtaí soghluaiseachta; agus cáin maoine áitiúil. Is údair thábhachtacha plé ar bheartais iad seo, trí anailís ardchaighdeáin staidrimh agus eacnamaíochta a chur ar fáil. Táimid ag foilsiú inniu chomh maith torthaí ár suirbhé in 2017 ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

Tá athrú suntasach leanúnach ag teacht ar an tírdhreach cánach idirnáisiúnta de réir mar a dhéileálann tíortha le dúshláin an chánachais chóir agus éifeachtaigh d’ainneoin an domhandú méadaitheach ar thrádáil agus an digitiú méadaitheach ar gheilleagair. Leagtar amach sa tuarascáil seo idirchaidreamh leantach fairsing na gCoimisinéirí Ioncaim ar chomhoibriú agus trédhearcacht fheabhsaithe, leathnú líonra conarthaí cánach Éireann, agus an malartú faisnéise chun críocha cánach.

Bailiú cánacha

Tá ról ríthábhachtach sa gheilleagar ag na Coimisinéirí Ioncaim trí chánacha agus dleachtanna atá dlite don Stát a bhailiú. Táimid dírithe go daingean ar choinneáil le rátaí arda tíolactha agus íoca. Tá tromlach mór cáiníocóirí comhlíontach go toilteanach, agus is fianaise air sin in 2017 é na rátaí arda leantacha comhlíontachta toilteanaí, is é sin os cionn 90% i gás na gcánacha uile. Aithnímid agus is mór againn an ról tábhachtach atá ag cáiníocóirí, gnóthais, agus cleachtóirí cánach agus custam i ndáil leis seo.

Chun fáltais chánach dlite don Státchiste a chosaint agus chun tacú leis an tromlach atá comhlíontach, déanann na Coimisinéirí Ioncaim idirghabháil luath sa chás nach gcomhlíontar dualgais íoc agus tíolactha cánacha. In 2017, bhí méid na bhfiachas a bhí ar fáil lena mbailiú síos €146 milliún (13%) i gcomparáid leis an bhfigiúr inchomparáide do 2016. De bharr ár n-idirghabháil luath, bíonn torthaí níos fearr ann do cháiníocóirí a dhéanann comhoibriú agus idirchaidreamh linn go hionraic.  Ag deireadh 2017, bhí 10,406 cáiníocóirí den chineál sin ann, a raibh deacrachtaí sealadacha íoca acu, agus a raibh socraíochtaí tráthíocaíochta acu linn ar luach €94 milliún. Ar an láimh eile, tá mionlach beag ann a dhiúltaíonn idirchaidreamh a dhéanamh linn, nó a dhiúltaíonn a gcáin a íoc, agus cuirtear gníomh daingean bailithe agus forfheidhmithe i bhfeidhm orthu, chomh maith le costas an ghnímh úd. In 2017, bhailíomar €212.4 milliún in 37,423 cás forfheidhmithe fiachais.

Tacú le comhlíontacht thoilteanach

Déanaimid chomh héasca agus chomh simplí agus is féidir é do cháiníocóirí a bheith comhlíontach go toilteanach, an cháin agus dleacht cheart a íoc ag an am ceart, agus a gcuid teidlíochtaí a éileamh. I rith 2017, d’fheabhsaíomar ár seirbhísí ar líne agus tá os cionn 1.8 milliún úsáideoirí cláraithe anois ar ár seirbhís moChúrsaí.  Láimhseálamar os cionn 2.5 milliún glao teileafóin agus tá seirbhís coinní tugtha isteach againn in 17 dár 18 n-oifig phoiblí, rud a chiallaíonn go bhfuil díothú déanta ar agaí feithimh dár gcustaiméirí. Tá sonraí tugtha inár dtuarascáil inniu ar chuid de na feabhsuithe suntasacha seirbhíse atá curtha i bhfeidhm againn le linn na bliana, agus ar an tionchar dearfach atá ag na hathruithe seo ar cháilíocht ár seirbhíse do cháiníocóirí. Seoladh ár suíomh idirlín athdheartha i mí an Mheithimh, féadtar teacht air go héasca ar gach cineál gléis, agus tá eolas soiléir ann i dteanga i dteanga shoiléir, do cháiníocóirí agus do chleachtóirí. Go deimhin, thug 84% de fhreagróirí le fios inár suirbhé ar FBManna, dár tagraíodh níos túisce, gur cheap siad go raibh ár suíomh idirlín athdheartha éasca le húsáid. Leanfaimid ar aghaidh de bheith ag déanamh feabhsuithe, agus de spreagadh a thabhairt dár gcustaiméirí ár seirbhísí ar líne a úsáid, arb iad an bealach is éasca agus is éifeachtaí chun gnó a dhéanamh linn. Mar shampla, thugamar córas ar líne isteach i mí Eanáir do cheannaitheoirí céaduaire chun faoiseamh a éileamh faoin tionscnamh Cabhair le Ceannach, agus faoi dheireadh na bliana, ceadaíodh éilimh ar luach iomlán beagnach €69 milliún. I gcás cáiníocóirí féinmheasúnaithe cánach ioncaim, tá an Fhoirm 11 ROS ar fáil le comhlánú ar líne. Tá fógairt á déanamh againn inniu ar shíneadh ama leis an spriocdháta tíolactha tuairisceán agus íoca le haghaidh 2018: Custaiméirí a dhéanann tíolacadh agus íocaíocht ar líne araon, féadfaidh siad a ndáta íocaíochta a shocrú mar 14 Samhain.  Mar gheall ar nua-aoisiú an chórais ÍMAT agus an t-aistriú i dtreo ÍMAT fíor-ama ar 1 Eanáir 2019, athrófar ó bhonn an riar agus bailiú cánacha párolla, agus tabharfar isteach éifeachtúlachtaí agus feabhsuithe an-suntasacha ó thaobh cruinnis agus trédhearcacht do na Coimisinéirí Ioncaim, do d’fhostóirí agus d’fhostaithe, agus tiocfaidh mé ar ais chuige seo ar ball. 

Aghaidh a thabhairt ar neamhchomhlíontacht

Tacaíonn na Coimisinéirí Ioncaim le cáiníocóirí comhlíontacha trí dhéileáil go daingean leo siúd a dhéanann iarracht caimiléireacht a dhéanamh nó neamhaird a thabhairt ar a ndualgais chánach agus dleachta. Agus muid ag déanamh íoslaghdú ar an gcur isteach ar cháiníocóirí comhlíontacha, dírímid ar réimse leathan rioscaí, idir loiceadh tuairisceán cánach a dhéanamh, agus chalaois chánach agus dleachta amach is amach. Tá anailísíocht sonraí agus comhoibriú dlúth lenár gcomhghníomhaireachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta mar bhonn taca ag ár gcreat comhlíontachta. Bainimid feidhm as ár n-acmhainní mar fhreagra ar rioscaí reatha agus rioscaí a thagann aníos. In 2017, reáchtálamar os cionn 655,000 idirghabháil comhlíontachta ar fud réimse iomláin an daonra cáiníocóirí, idir sheiceálacha simplí dearbhaithe, agus iniúchtaí agus imscrúduithe. Bhí toradh €491.9 milliún mar toradh ar idirghabhálacha na gCoimisinéirí Ioncaim don Státchiste ó thaobh cánacha, ús agus pionóis. D’fhoilsíomar 289 mainnitheoirí cánach inár Liosta Ráithiúil de Mhainnitheoirí Cánach, i ndáil le socraíochtaí os cionn €53 milliún. Rinneamar urghabháil ar bheagnach 1,600 feithicil as ucht coireanna éagsúla. Rinneamar urghabháil ar dhrugaí neamhdhleathacha ar luach beagnach €60 milliún agus ar tháirgí neamhcheadaithe tobac ar luach os cionn €20 milliún, in oibríochtaí ar fud an Stáit. Mar thoradh ar ionchúisimh ag na Coimisinéirí Ioncaim, bhí fíneálacha cúirte ar luach iomlán €5.36 milliún in 1,643 cás achoimre, agus 24 ciontú coiriúil as ucht calaois thromchúiseach cánach agus custam.

Calaois fhioscach, smuigleáil agus drugaí

Gníomhaíochtaí coiriúla lena n-áirítear smuigleáil drugaí agus trádáil in alcól neamhcheadaithe agus táirgí tobac, agus calaois bhreosla, cuireann siad seo uile leis an scáthgheilleagar, is bagairt iad don ghnó dlisteanach, déanann siad damáiste do phobail, do shláinte an phobail agus don timpeallacht, agus is minic a mhaoiníonn siad coireacht eagraithe. Déanaimid comhoibriú dlúth lenár gcomhghníomhaireachtaí forfheidhmithe cánach agus dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta chun na gníomhaíochtaí coiriúla seo a idircheapadh, cur isteach orthu, agus iad a chosc.

Tá an margadh gáinneála ar dhrugaí neamhcheadaithe fós ar cheann de na réimsí is mó brábúis do ghrúpaí coireachta eagraithe a oibríonn san Aontas Eorpach agus ar fud an domhain. Tacaíonn na Coimisinéirí Ioncaim leis an gColún Laghdaithe Soláthair de Straitéis Naisiúnta Drugaí an Rialtais, agus le linn 2017 rinneamar os cionn 6,000 urghabháil ar dhrugaí neamhdhleathacha. Is gnó domhanda chomh maith é an trádáil tobac neamhdhleathach. Is bagairtí suntasacha don Státchiste agus do ghnóthais chomhlíontacha í an smuigleáil tobac agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a bhaineann léi. Foilsímid inniu torthaí an Taighde ar Tháirgí Neamhdhleathacha Tobac 2017 a chuir IPSOS MRBI i gcrích thar ceann na gCoimisinéirí Ioncaim agus an Oifig Naisiúnta Rialála Tobac de chuid an FSS, ina dtuairiscítear gur toitíní neamhcheadaithe iad 13% de na toitíní a caitheadh sa Stát, suas 10% ó 2016. Is é ár straitéis ná cur isteach ar shlabhra soláthair táirgí neamhcheadaithe tobac, an táirge a urghabháil agus iad siúd atá freagrach as a ionchúiseamh. In 2017, rinneamar urghabháil ar os cionn 34 milliún toitín agus beagnach 1,800 cileagram de thobac. An mhí seo caite, mar thoradh ar imscrúdú dian faisnéis-bhunaithe, tharraing na Coimisinéirí Ioncaim ó chéile monarcha toitíní neamhdhleathach ar scála tráchtála i gContae Lú. Beidh sé mar thosaíocht ard againn i gcónaí aghaidh a thabhairt ar an trádáil neamhdhleathach tobac agus dul i ngleic léi.

Le blianta beaga anuas, tá straitéis leathan curtha i bhfeidhm againn ag díriú ar gach céim den slabhra soláthair ola mianraí, chun dul i ngleic le fadhb na calaoise breosla, sciúradh breosla go háirithe. I mí Eanáir 2017, reáchtálamar an dara Clár Náisiúnta Samplála Randamaí ar thrádálaithe mótarbhreosla, agus tástáil á déanamh ar láithreacht an mharcóra nua breosla, agus don dara bliain as a chéile níor thángthas ar aon fhianaise ar bhreosla sciúrtha.  Reáchtálamar an tríú clár den chineál sin sa chéad ráithe de 2018, agus an uair seo leathnaíodh amach é go gcuirfí tarlóirí agus gnóthais eile san earnáil iompair san áireamh, agus foilseofar na torthaí nuair a bheidh siar ar fáil. Cé go bhfuil fianaise ann go bhfuil ár gcuid tionscnamh tar éis láidriú a dhéanamh ar na rialuithe ar an margadh olaí mianraí, ní fhéadtar a bheith réchúiseach ina leith seo. Táimid i gcónaí san airdeall maidir le seiftiúlacht iad siúd a bhíonn páirteach i gcoiriúlacht sa trádáil bhreosla agus táimid i gcónaí ag déanamh monatóireacht ghéar ar an slabhra soláthair breosla agus ar dhíriú ar bhagairtí reatha nó bagairtí a thagann aníos.

Imghabháil cánach ag baint úsáid as struchtúir agus cuntais eischósta

Aithnímid le fada an riosca tromchúiseach don Státchiste mar thoradh ar imghabháil cánach eischósta, agus ó 1999 is é an toradh comhiomlán ónár gcuid oibre sa réimse seo ná €2.9 billiún i gcánacha, ús agus pionóis. Ba chor cinniúna é an Bhealtaine seo caite, tráth an spriocdháta don tionscnamh Nochtuithe ar Ioncam agus Sócmhainní Eachtracha, nuair fuaireamar 2,786 nochtadh, ar a raibh luach dearbhaithe de bheagnach €84 milliún. Ón spriocdháta sin i leith, is féidir go ngearrfaí pionóis suas le 100% den cháin a imghabháil ar mhainnitheoirí cánach a dhéanann iarracht sócmhainní a chur i bhfolach go heischósta, go bhfoilseofaí a n-ainm ar an Liosta Ráithiúil de Mhainnitheoirí Cánach, agus ionchúiseamh coiriúil.  Tá comhoibriú dlúth ar bun ag údaráis chánach ar fud an domhain chun díriú orthu siúd a bhfuil a mbrabús nó a ngnóthachain á gcur i bhfolach acu go heischósta. Mar gheall ar an uathmhalartú faisnéise idir tíortha, tá léargas níos fearr againn maidir le sócmhainní eischósta agus maidir le hioncam cónaitheoirí Éireannacha, agus ról na n-idirghabhálaithe agus na n-institiúidí i dtaca le seachaint eischósta a éascú. Le linn 2017, rinneadh an chéad uathmhalartú faisnéise cuntas airgeadais idir Éirinn agus 50 tír eile agus tá úsáid a baint againn as an bhfaisnéis seo chun mainnitheoirí canach a aithint agus dul sa tóir orthu, ar mainnitheoirí iad atá i mbun imghabháil agus seachaint cánach go heischósta.

Seachaint cánach

Aon scéimeanna seachanta cánach a dhéanann iarracht an reachtaíocht a úsáid ar bhealach seachas an bealach atá beartaithe, is bagairt iad don toradh cánach agus do chothromaíocht aitheanta an chórais chánach. In 2017 shocraíomar 1,352 cás seachanta cánach, 15 díobh a raibh toradh €3.8 milliún i gcáin, ús agus pionóis orthu. Táimid dícheallach agus táimid diongbháilte dúshlán a chur roimh na scéimeanna seo agus táimid ag cur in aghaidh 883 cás den chineál seo faoi láthair.  

Ár ndaoine

Ag deireadh 2017, bhí 6,372 duine, cothrom le 6,007 coibhéis lánaimseartha, ag obair leis na Coimisinéirí Ioncaim i mbreis agus 42 láthair. Tugtar léargas inár dtuarascáil inniu ar an éagsúlacht mhór ról agus deiseanna suimiúla gairme beatha sna Coimisinéirí Ioncaim. Le trí bliana anuas, tá athruithe déanta ó thaobh struchtúir maidir le feidhmeanna láir, réigiúnacha agus náisiúnta agus maidir le seachadadh seirbhíse. Is eagraíocht muid atá géar, cumasach agus dírithe ar thorthaí agus táimid i gcónaí ag athrú agus ag cur ár struchtúir in oiriúint, de réir mar a fhreagraímid do dhúshláin agus deiseanna, go hintíre agus go hidirnáisiúnta.

Agus muid ag déileáil leis an gcaillteanas leanúnach ball foirne a bhfuil an-taithí acu, táimid dírithe ar chumas a threisiú agus ar an nuálaíocht. In 2017, cheapamar 546 ball foirne ag gach leibhéal, ó chomórtais oscailte earcaíochta agus idir-rannacha. Déanaimid infheistiú inár ndaoine agus tacaímid lenár mbaill foirne agus iad ag saothrú chun cáilíochtaí cuí gairmiúla agus acadúla a fháil. I mbliana, rinneadh an 1,000ú céimí de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ónár gcomhpháirtíocht oiliúna le hOllscoil Luimnigh. Tá sé mar sprioc againn a bheith mar an rogha fostóra agus leanfaimid orainn ag déanamh earcaíochta ar bhaill foirne nua, agus ag tacú, spreagadh agus infheistiú san oiliúint, forbairt, nuálaíocht agus sa teicneolaíocht.

Ag féachaint chun cinn

Is í ár bpríomhthosaíocht ná na cánacha agus dleachtanna atá iníoctha leis an Státchiste a bhailiú ar bhealach cóir agus éifeachtúil, agus straitéis dhíreach atá againn. Tá sé ríthábhachtach go soláthraímid seirbhís tacaíocht ardchaighdeáin agus éifeachtach do cháiníocóirí agus do ghnóthais le go mbeidh siad comhlíontach go toilteanach. Tá sé chomh tábhachtach céanna go dtacaímid le cáiníocóirí comhlíontacha agus go gcosnaímid cistí an Státchiste trí aghaidh a thabhairt ar an neamhchomhlíontacht ar bhealach éifeachtach agus ar bhealach a athraíonn iompar. In 2018, déanfaimid scrúdú ar an gcaoi a bhfuil ailíniú i leith an riosca á dhéanamh ar ár struchtúir agus acmhainní. 

Leanfaimid orainn ag freagairt do na deiseanna agus dúshláin a bhaineann leis an saol a bheith ag éirí níos domhandaithe agus níos digití, agus is le déine agus nuálaíocht sa teicneolaíocht agus sa chleachtas gnó a dhéanaimid é.  Is ar thorthaí polaitiúla a bhraithfidh tionchar leathan eacnamaíochta na Breatimeachta. Táimid ag díriú ár n-iarrachtaí ar ár gcreat TCF a mhéadú agus ag díriú ar chórais éifeachtacha, custaiméir-lárnaithe a bheith ag croílár an bhealaigh a dtacaímid le comhlíontacht thoilteanach. Is é an sprioc atá againn ina leith seo ná trádáil a éascú tríd an saorshreabhadh earraí a uasmhéadú chomh mór agus is féidir. Leanfaimid orainn ag baint an leas is fearr as an simpliú a bhfuil foráil déanta dó i gCód Custam an Aontais, ag díriú ar fheidhmiú cothrom agus éifeachtúil na nósanna imeachta féideartha tar éis na Breatimeachta i leith cánach agus dleachtanna.

Mar thoradh ar an nua-aoisiú ÍMAT, athrófar ó bhonn an riar agus bainistiú ÍMAT, i gcás fostóirí, fostaithe agus na Coimisinéirí Ioncaim. Tá an tionscadal seo ina phríomhthosaíocht chorparáideach dúinn i mbliana. Táimid ag díriú ar chabhrú le fostóirí ullmhú do na hathruithe a bheidh ag teacht aníos, agus beimid ag géarú ar an gclár seo idir anois agus deireadh na bliana. Bainfimid úsáid as imeachtaí for-rochtana, cuairteanna seirbhíse do chustaiméirí ar fhostóirí, agus sraith seimineár náisiúnta chun míniú a thabhairt ar an gcaoi a n-oibreoidh an córas nua agus le cinntiú go bhfuil gach fostóir réidh do na riachtanais nua tuairiscithe.  Táimid ag obair leis na soláthraithe bogearraí párolla le breis agus bliain anuas le cinntiú go mbeidh a bpacáistí bogearraí in ann fostóirí a chumasú na riachtanais nua tuairiscithe a chomhlíonadh. I mí an Mhárta, sheolamar áis tástála le go bhféadfadh soláthraithe bogearraí párolla fíorú go bhfuil a mbogearraí ag cloí le sonraíochtaí foilsithe na gCoimisinéirí Ioncaim. Mar gheall air seo tá achar tástála naoi mí ar fáil sula gcuirtear tús leis na socruithe nua tuairiscithe. Is ionann an t-aistriú go dtí ÍMAT fíor-ama ar 1 Eanáir 2019 agus céim thábhachtach sa phróiseas um fheabhas leanúnach ó thaobh seirbhíse, comhlíontachta agus éifeachtúlachta agus an córas cánach á riar.

Luaigh mé níos túisce an dúshlán leanúnach atá romhainn déileáil leis an gcailliúint ball foirne a bhfuil an-taithí acu agus iad ag dul ar scor, agus is mian liom an deis seo a thapú aitheantas ar leith a thabhairt don Choimisinéir Liam Irwin a chuaigh ar scor ón mBord i mí Eanáir. Tá a fhios agam go bhfuil mé ag labhairt thar ceann mo chomh-Choimisinéirí agus thar ceann lucht bainistíochta agus bhaill foirne na gCoimisinéirí Ioncaim agus mé ag guí gach rath ar Liam agus é ag dul ar scor. Ar deireadh, is mian liom aitheantas a thabhairt gurb é an bunchloch an chumais atá againn ná tiomantas agus gairmiúlacht ár mball foirne atá ag feidhmiú i réimse leathan ról seirbhíse, comhlíontachta, forfheidhmithe agus tacaíochta. Ní fhéadfadh ár n-éachtaí in 2017 a bhaint amach murach iad, agus thar ceann an Bhoird, is mian liom buíochas a ghabháil lenár bhfoireann bainistíochta agus lenár mbaill foirne uile as ucht a dtiomantas agus a n-éifeachtúlacht leanúnach agus na torthaí seo á mbaint amach.

25 Aibreán 2018