Preasócáid: Tuarascáil Bhliantúil na gCoimisinéirí Ioncaim 2018

Cuntas Tosaigh ón gCoimisinéir Niall Cody, Cathaoirleach

Is cúis áthais dom an Tuarascáil Bhliantúil le haghaidh 2018 a chur i láthair thar ceann an Bhoird. Is é seo 96ú Tuarascáil Bhliantúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, agus an dara tuarascáil ar an dul chun cinn déanta i leith ár Ráiteas Straitéise don tréimhse 2017–2019. Tá dhá phríomhcholún straitéiseacha i gceist lenár Ráiteas Straitéise, is iad sin, seirbhís chun tacú le comhlíontacht agus aghaidh a thabhairt ar neamhchomhlíontacht.

Táim chun achoimre a thabhairt ar maidin ar thorthaí 2018 ina léireofar an dul chun cinn suntasach déanta i leith ár bpríomhchuspóirí agus spriocanna. Beidh mé ag caint freisin faoi roinnt socruithe atá againn le haghaidh 2019 agus amach anseo.

 Fáltais Chánach

Agus cúlra d’fhás láidir leanúnach amhlaidh, bhailigh na Coimisinéirí Ioncaim ghlanfháltais Státchiste iomlána de €77.27 billiún in 2018, lena n-áirítear €14.1 billiún i bhfáltais neamh-Státchiste a bailíodh thar ceann Ranna agus Gníomhaireachtaí eile Rialtais.

B'ionann glanfháltais an Státchiste do 2018 agus €54.6 billiún, méadú €4.04 billiún i gcomparáid le 2017. Bhí méadú ar fháltais le haghaidh fhormhór na gcánacha agus dleachtanna, lena n-áirítear Cáin Ioncaim, suas 6.6%, CBL suas 7% agus Cáin Chorparáide suas 26.7%.

Chomh maith leis an Tuarascáil Bhliantúil, táimid ag foilsiú dhá thuarascáil taighde de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ar Cháin Chorparáide agus CBL. Cuireann na tuarascálacha seo go mór leis an bplé maidir le beartais, ag cur anailís staitistiúil agus eacnamaíoch ar ardchaighdeán ar fáil i leith dhá cheann de na cánacha is mó. Tá an tuarascáil ar Cháin Chorparáide an-tráthúil mar gheall ar an méadú de €2.2 billiún a tháinig ar fháltais in 2018, ag léiriú gurb iad na príomhghníomhaithe air seo ná na fáltais níos airde ó chuideachtaí san earnáil déantúsaíochta agus íocaíochtaí méadaithe ó chuideachtaí móra ilnáisiúnta atá ag feidhmiú in Éirinn. Is ionann na 10 gcuideachta is mó agus 45% d'fháltais Cháin Chorparáide in 2018. Chomh maith leis seo, leagtar béim san anailís ar na sonraí tuairisceán cánach is déanaí, lena n-áirítear leibhéil an bhrabúis, na caillteanais a tugadh ar aghaidh, laghdú ar chostas an chreidmheasa T&F agus an 2 milliún post a fhaigheann tacaíocht ó chuideachtaí.

Freisin, táimid ag foilsiú achoimre ar an gClár Náisiúnta Samplála Randamaí i leith táirgí ola mianraí marcáilte agus torthaí an tSuirbhé Taighde ar Tháirgí Tobac 2018. Déantar tuairisciú iontu seo ar scála an díolacháin agus an úsáid breosla sciúrtha sa Stát agus tugann siad meastachán ar an méid toitíní le dleacht neamh-Éireannach íoctha atá á gcaitheamh in Éirinn. Léiríonn na torthaí éifeachtacht na gclár agus na straitéisí atá ag na Coimisinéirí Ioncaim chun dul i ngleic le neamhchomhlíontacht sna réimsí seo. Tar éis mholadh an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste chun trédhearcacht a mhéadú níos mó táimid freisin ag foilsiú tuairisce faoi mhodheolaíocht an tsuirbhé tobac. Ina theannta sin, in 2018, rinneamar ár gcéad suirbhé ar cháiníocóirí féinfhostaithe a bhfuil ioncam faoi €10,000 acu. Tugann torthaí an tsuirbhé léargas dúinn ar cén chaoi gur féidir linn an córas cánach a shimpliú tuilleadh le haghaidh custaiméirí, chun é a dhéanamh níos éasca a bheith comhlíontach go saorálach ar an mbealach is éifeachtúla ó thaobh costas.

Bailiú Cánacha

Glacann na Coimisinéirí Ioncaim le ról ríthábhachtach sa gheilleagar trí chánacha agus dleachtanna atá dlite don Stát a bhailiú. Dearbhaíonn an leibhéal ard comhlíontachta saorálaí in am ag cáiníocóirí go n-íocann an mhórchuid de dhaoine aonair agus gnóthais an tsuim cheart cánach in am. Is léir seo in 2018 de réir rátaí comhlíontachta saorálaí os cionn 90% thar na cánacha go léir. Aithnímid an pháirt a ghlacann siad agus an pháirt a ghlacann cleachtóirí agus gníomhairí sa chomhlíontacht fíor-láidir a bhí i gceist arís in 2018.

Bhí fiachas €1,032 milliún ar fáil lena bhailiú: is ardú €74 milliún é sin ar fhigiúr 2017. Leanann muid orainn ag díriú ar íoslaghdú a dhéanamh ar leibhéal an fhiachais don Státchiste trí optamú a dhéanamh ar fhorbairt teicneolaíochta agus scileanna. I rith 2018, chríochnaíomar an obair fhairsing ar fhorbairt na Seirbhíse Bainistíochta Fiachais nua, a chuireann áiseanna tráthíocaíochtaí éasca le húsáid ar fáil do cháiníocóirí atá ag iarraidh obair linn chun a ndeacrachtaí íoca a réiteach. Ag deireadh 2018, bhí socruithe tráthíocaíochtaí i bhfeidhm ag breis agus 9,000 gnóthas agus daoine aonair i leith fiachas €93 milliún. Cabhróidh an córas DMS nua le próifíliú sofaisticiúil a dhéanamh ar chásanna ag cur breis cumais ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí comhlíontachta agus forfheidhmithe. Don mhionlach cáiníocóirí atá ann a dhiúltaíonn idirchaidreamh a dhéanamh linn, nó a dhiúltaíonn a gcáin a íoc, tugaimid faoi réimse gníomhartha bailithe agus forfheidhmiúcháin fiachais chun fiachas cánach a bhailiú . In 2018, bhailíomar €211.6 milliún as 31,680 cás forfheidhmiúcháin fiachais.

Seirbhís chun Tacú le Comhlíontacht

Cuireann ár dtuairisc sonraí ar fáil ar an tacaíocht leanúnach atá againn do cháiníocóirí, lenar féidir leo a bheith chomhlíontach go saorálach trí sheirbhís a chur ar fáil ar bhealach tráthúil agus costéifeachtúil. Leanaimid orainn lenár rannpháirtíocht réamhghníomhach ar fud na sciartha éagsúla dár mbonn cáiníocóirí chun cabhrú leo a ndualgais chánach a chomhlíonadh, a dteidlíochtaí dlite a fháil agus gan ach an tsuim cheart cánach a íoc.

Anuraidh, d’fhreagraíomar 1.4 milliún mír comhfhreagrais scríofa, rinneamar próiseáil ar 1.6 milliún dearbhaithe custam agus d’fhreagraíomar breis agus 2.2 milliún glao fóin ó cháiníocóirí. I mí Mheán Fómhair 2018, sheolamar ár Líne Chabhrach Náisiúnta ÍMAT, pointe teagmhála aonair d’fhostaithe agus d’fhaighteoirí pinsin. Sheolamar chomh maith teicneolaíocht nua fóin, is é sin uimhir náisiúnta a chur ar fáil le haghaidh gach teagmháil fóin, rud a laghdaíonn an costas ar cháiníocóirí a dhéanann teagmháil linn.

Mar gheall ar ár dtiomantas chun ár n-áiseanna féinseirbhíse a fheabhsú, íoslaghdaítear an t-ualach ar cháiníocóirí comhlíontacha. Bhí 2.3 milliún cáiníocóirí aonair cláraithe ar moChúrsaí ag deireadh 2018.

An bealach is tapúla, is éasca agus is áisiúla do cháiníocóirí a gcuid cúrsaí cánach a bhainistiú ná trí úsáid a bhaint as ár seirbhísí ar Líne. Ina theannta sin, táim á fhógairt inniu, síneadh ar spriocdháta Íoc agus Tíolaic do cháiníocóirí féinmheasúnaithe, daoine a íocann agus a thíolacann ar líne, go dtí 12 Samhain 2019. 

Nua-Aoisiú ÍMAT

Tháinig na socruithe nua maidir le tuairisciú ÍMAT i bhfeidhm an 1 Eanáir 2019, agus is ionann sin agus an t-athchóiriú is suntasaí a rinneadh ar riar an chórais ÍMAT ó tugadh isteach é in 1960. Ciallaíonn na hathruithe seo, go bhfuil ar fhostóirí, mar chuid den phróiseas párolla, na sonraí pá agus asbhaintí reachtúla a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim gach uair a íocann siad a bhfostaithe.

Mar gheall ar an gcur chuige comhdheartha a thógamar don chóras nua, bhí idirchaidreamh forleathan i gceist le fostóirí, gairmithe párolla, cleachtóirí cánach, comhlachtaí cuntasaíochta, eagraíochtaí ionadaíochta gnó agus forbróirí bogearraí párolla. Mar thoradh air seo, tá an tuairisciú fíor-ama ÍMAT comhtháite go leanúnach isteach sa chóras párolla, rud a chuireann i bhfeidhm cuíchóiriú suntasach ar phróisis ghnó agus laghdú san ualach agus costais riaracháin. Táimid buíoch de chomhoibriú na ngeallsealbhóirí éagsúla as cabhrú linn an Nua-Aoisiú ÍMAT a thabhairt isteach. Bhí a n-ionchur lárnach i rath an tionscadail.

Chabhraigh na cineálacha éagsúla cur chuige comhoibríoch chun an t-aistriú leanúnach chuig na riachtanais nua tuairiscithe a dhéanamh níos éasca ar fhostóirí. Amhail an 31 Márta 2019, bhí 1.4 milliún tíolacadh párolla (pá agus asbhaintí reachtúla) faighte againn ó 157,000 fostóirí, agus tuairisciú déanta ar thuarastal comhlán iomlán de bhreis agus €24 billiún do bhreis agus 2.6 milliún fostaithe agus faighteoirí pinsin.

Díreoidh an chéad chéim eile den Nua-Aoisiú ÍMAT ar fhostaithe. Ón gCéadaoin seo chugainn, 15 Bealtaine, déanfaimid na sonraí párolla cuí a chur ar fáil do gach fostaí i moChúrsaí, ionas gur féidir leo a fheiceáil i bhfíor-am, de réir dáta pá, cén pá, cáin, MSU agus sonraí ÁSPC atá á thíolacadh ar a shon ag a bhfostóir nó soláthraí pinsin

Anois le rochtain againn ar shonraí párolla fíor-ama mar go bhfuil siad á tíolacadh ag fostóirí, is féidir linn an córas ÍMAT a dhéanamh níos solúbtha agus sofhreagrach do riachtanais na bhfostaithe agus na bhfaighteoirí pinsin trí imréiteach a dhéanamh i rith na bliana ar chúrsaí cánach duine a cheadú. Cinnteoidh sé seo go n-íocann daoine an tsuim cheart cánach, ag an am ceart i rith na bliana chomh fada agus is féidir.

I measc forbairtí eile atá le teacht, éascaithe ag sonraí fíor-ama a fháil, tá áireamhán cánach d'fhostaithe chun tionchar aon athrú ar a chuid gcreidmheasanna cánach a fheiceáil agus áis féinseirbhíse feabhsaithe chun creidmheasanna cánach a dháileadh thar fhostaíocht éagsúil.

Le cead ón bhfostaí, cuirfimid rochtain slán ar fáil do thríú páirtithe sonraithe chun féachaint ar shonraí pá agus cánach an duine sin. Is rogha eile é seo ar ráiteas ioncaim a theastaíonn faoi láthair ó Institiúidí iasachta agus gníomhaireachtaí eile. 

Breatimeacht

Mar ullmhúchán, agus chun aghaidh a thabhairt ar na himpleachtaí a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe ag fágáil an Aontais Eorpaigh tá obair ullmhúcháin agus theagmhasach don Bhreatimeacht ar bun ar fud gach Roinn agus Gníomhaireacht Rialtais, ar obair í atá fhorleathan agus mionsonraithe agus a gcuirtear gach suíomh féideartha san áireamh, an suíomh Breatimeacht Gan Comhaontú san áireamh. Mar cuid den ullmhúchán seo, tá páirt ghníomhach againn san obair idir-Rannach a bhí á comhordú ag Roinn an Taoisigh agus ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus oibrímid go dlúth leis an Roinn Airgeadais, a shocraíonn beartas fioscach.

Is i gcomhthéacs ár róil agus ár bhfreagrachtaí a dhéantar ár n-ullmhacht agus ár bpleanáil theagmhasach, ar leibhéal náisiúnta agus leibhéal Eorpach araon. Is é an tosaíocht agus an cuspóir uileghabhálach atá againn ná chun trádáil dhlisteanach éifeachtach agus thráthúil a éascú.

Tugann Tuarascáil Bhliantúil 2018 achoimre ar ár caidreamh dlúth le gnóthais maidir leis na céimeanna ba chóir dóibh a thógáil chun ullmhú don Bhreatimeacht.

D’fhorbraíomar Clár cuimsitheach Caidrimh do Thrádálaithe chun treoir phraiticiúil a chur ar fáil do ghnóthais Éireannacha ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an mBreatimeacht agus cabhrú leo céimeanna a shainaithint le tógáil chun ullmhú dá réir.

Is íos-riachtanas é an uimhir Clárúcháin agus Aitheantais Oibreora Eacnamaíochta (EORI) do ghnóthais le go mbeidh siad in ann trádáil le nó tríd an Ríocht Aontaithe nuair a fhágann siad an AE. In ainneoin méadú 110% ar uimhreacha EORI in 2019, i gcomparáid le 2018 ar fad, fós tá céatadán suntasach gnóthais ann a aithníonn na Coimisinéirí Ioncaim a bheith ag trádáil leis an Ríocht Aontaithe gan a bheith cláraithe le haghaidh EORI. Ba mhaith liom an deis seo a thógáil inniu chun cur i gcuimhne do ghnóthais ar bith nach bhfuil cláiraithe le haghaidh clárúchán custam (EORI), go bhfuil fíorbhaol ann, nach bhfuil gá leis, go mbeidh moill agus fadhbanna suntasacha i gceist le hearraí a bhogadh tar éis an Bhreatimeachta. Níl táille ar iarratas le haghaidh uimhir (EORI) agus féadtar é a chomhlánú go sciobtha agus go héasca trí sheirbhísí slán ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim.

Le linn 2018, rinneamar próiseáil ar 1.6 milliún dearbhaithe custam iompórtála agus easpórtála trínár gcórais leictreonacha. Tar éis an Bhreatimeachta, d’fhéadfadh sé go mbeadh méadú suas le 20 milliún sa bhliain i gceist le dearbhuithe iompórtála agus easpórtála. Rinneamar obair shuntasach chun cur le cumas ár gcórais chun freastal ar an trádáil leis an Ríocht Aontaithe mar thríú tír. Tá muinín againn go déileálfaidh ár gcórais go rathúil leis an leibhéal méadaithe idirbheart a thiocfaidh aníos mar thoradh ar an mBreatimeacht.

Aghaidh a Thabhairt ar Neamhchomhlíontacht

Tá an chuid is mó de cháiníocóirí comhlíontach go saorálach, comhlíonann siad a ndualgais tíolactha agus íoca in am agus tíolacann siad tuairisceáin agus dearbhuithe cruinne. Tacaímid leis an gcultúr láidir seo de chomhlíontacht shaorálach trí aghaidh a thabhairt ar an uile chineál neamhchomhlíontachta. 

Tá ár gcreat comhlíontachta riosca-bhunaithe cuimsitheach, leabaithe inár ngnáthghnó. Cuirimid acmhainní suntasacha ar fáil chun neamhchomhlíontacht a aithint, aghaidh a thabhairt uirthi agus í a chosc agus leithdháilimid ár n-acmhainní ar bhonn tosaíochta riosca. Tá sé de chuspóir againn freagra a thabhairt ar riosca agus iompar neamhchomhlíontach ar bhealach tráthúil, seasmhach, comhréireach agus éifeachtach.

In 2018, rinneamar 580,000 idirghabháil comhlíontachta, idir ghnáthsheiceálacha dearbhaithe agus iniúchtaí agus imscrúduithe. Ba é an toradh iomlán don Státchiste a bhí ar na hidirghabhálacha seo ná €572.1 milliún i gcánacha, ús agus pionóis. D’fhoilsíomar 265 mainnitheoirí cánach sa liosta Ráithiúil de Mhainnitheoirí Cánach i leith socraíochtaí ar luach de bheagnach €44 milliún.

Rinneamar breis agus 1,500 fheithiclí a urghabháil ar chionta éagsúla, mar aon le breis agus 110,000 lítear de bhreosla neamhdhlisteanach. Ag eascairt as oibríochtaí a rinneadh ar fud an Stáit, rinneamar breis agus 7,000 urghabháil ar dhrugaí neamhdhleathacha ar luach os cionn €33 milliún agus táirgí tobac aindleathacha ar luach os cionn €42 milliún freisin. San áireamh le seo tá an chéad mhonarcha toitíní neamhdhleathacha riamh sa Stát a bhrath agus a dhúnadh. Fuarthas breis agus 23 milliún toitín agus 71 tona tobac ar an láthair. Tá luach sráide níos mó ná €49.6 milliún ar an táirge deiridh agus ar an táirge féideartha agus is ionann é agus caillteanas níos mó ná €39 milliún don Státchiste.

Tháinig €1.76 milliún as fíneálacha Cúirte a cuireadh i bhfeidhm mar thoradh ar ionchúisimh arna dtionscnaimh ag na Coimisinéirí Ioncaim in 695 cás achoimre coiriúil agus 21 ciontú coiriúil de bharr calaois chánach agus custam tromchúisí.

Ár Struchtúr

Is próiseas leanúnach é an coigeartú ar ár struchtúr eagraíochta agus bíonn réimse leathan tosca i gceist leis, go seachtrach agus go hinmheánach. In 2018, rinneamar ailíniú ar struchtúr na heagraíochta, is é sin aistriú ó struchtúr réigiúnach go struchtúr atá bunaithe ar bhonn cáiníocóirí deighilte go náisiúnta. Bunaíodh cúig Rannóg náisiúnta nua ar bhonn deighleán sainithe cáiníocóirí. Táthar ag déileáil le gach cáiníocóir anois, ó thaobh seirbhíse de agus ó thaobh na comhlíontachta de, ag ceann de na Rannóga nua náisiúnta. Cinntíonn na hathruithe inár struchtúr go mbainimid an leas is mó as ailíniú ár n-acmhainní agus an leas is fearr a bhaint as ár lorg geografach ar fud na tíre, ag cur deiseanna ar fáil le haghaidh éagsúlacht ról agus freagrachtaí ar fud na heagraíochta.

Ár nDaoine

Ag deireadh 2018, bhí 6,471 duine ag obair sna Coimisinéirí Ioncaim, arb ionann é agus 6,111 coibhéis lánaimseartha. Is ar thiomantas, gairmiúlacht, scileanna agus cumas ár ndaoine a bhraitheann ár n-éifeachtacht ó thaobh tacú leis an gcomhlíontacht agus aghaidh a thabhairt ar an neamhchomhlíontacht. I gcomhthéacs comhaltaí foirne a bhfuil an-taithí acu á gcailleadh againn go leanúnach mar gheall ar scor, forbairtí nua sa teicneolaíocht agus treochtaí atá ag teacht chun cinn maidir leis an gcaoi a n-oibríonn gnóthais, infheistímid ar bhonn leanúnach inár bhfoireann chun na dúshláin síor-athraithe seo a shárú. Déanaimid é seo trí thógáil ar an gcumas, tallann agus ceannaireacht agus iad a choinneáil, agus ag an am céanna daoine cumasacha a mhealladh agus a earcú. I rith 2018, cheapamar 638 ball foirne ó chomórtais earcaíochta oscailte, idir-rannacha agus ó chomórtais Bainistíochta Ardleibhéil. I mí Mheán Fómhair, fuarthas breis agus 3,000 iarratas mar gheall ar fheachtas earcaíochta de chuid na Seirbhíse Ceapacháin Poiblí le haghaidh oifigigh Custam. Go dtí seo, i mbliana, cheapamar 512 ball foirne nua, ag tabhairt ár gcoibhéis lánaimseartha go 6,419.

Ag Féachaint Chun Cinn

Leanaimid orainn ag tacú le cáiníocóirí tríd an eolas cuí a thabhairt dóibh le bheith chomhlíontach go saorálach ar an mbealach is éifeachtúla ó thaobh costas. Mar a luaigh mé níos luaithe, leis an tuairisciú fíor-ama i bhfeidhm anois d’fhostóirí, dírímid anois ar na buntáistí d’fhostaithe a bhaineann leis an gcóras nua seo. Ar an 15 Bealtaine, beidh gach fostaí in ann féachaint ar a gcuid sonraí párolla trí moChúrsaí, mar atá tuairiscithe ag a bhfostóir, le seirbhísí feabhsaithe breise le teacht de réir mar a théann an bhliain ar aghaidh.

Maidir leis an Ríocht Aontaithe ag fágáil an Aontas Eorpaigh, tá na Coimisinéirí Ioncaim tiomanta go láidir tacaíocht agus cabhair a thabhairt do ghnóthais ullmhú le haghaidh an Bhreatimeachta. Creidimid d’ainneoin an neamhchinnteacht a bhaineann le hamscálaí, tá sé ríthábhachtach go n-ullmhaíonn gnóthais anois chun go laghdódh siad na deacrachtaí agus na dúshláin a eascraíonn as an mBreatimeacht.    

Táimid san airdeall ar agus réamhghníomhach go leanúnach i dtaobh dul i ngleic leis na rioscaí a eascraíonn as na hathruithe atá tagtha ar na timpeallachtaí geilleagair agus gnó go náisiúnta agus go domhanda. Táimid tiomanta do mhaoiniú an Státchiste a chosaint agus do thacú leis an gcomhlíontacht shaorálach trí aghaidh a thabhairt ar an uile chineál neamhchomhlíontachta. Bíonn cineál agus déine na n-idirghabhálacha a chuirimid i bhfeidhm ag brath ar iompar neamhchomhlíontachta an cháiníocóra. Is féidir leo siúd a bhfuil imghabháil ar bun acu bheith ag súil le freagra láidir uainn agus iarraimid na smachtbhannaí iomlána dlíthiúil atá ar fáil a fheidhmiú ar léiriú iad ar a thromchúisí is atá an imghabháil cánach agus dleachta i gceist.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom a admháil gurb ar thiomantas, solúbthacht, oiriúnacht agus gairmiúlacht ár bhfoirne bainistíochta agus na baill foirne uile a bhraitheann ár rath leanúnach i dtaobh aghaidh a thabhairt ar ár misean, seasamh lenár luachanna agus ár bhfís a fhíorú. Gabhaimid buíochas leo as ucht a ndíograis, tiomantas agus eitic oibre láidir, rud a chuir ar ár gcumas tuairisciú a dhéanamh ar na héachtaí agus torthaí a bhfuil achoimre orthu i dtuarascáil na bliana seo.

9 Bealtaine 2019