Ráiteas Cosanta Leanaí

D'ullmhaigh na Coimisinéirí Ioncaim an Ráiteas Cosanta Leanaí seo de réir an Achta um Thús Áite do Leanaí, 2015, agus na Treoracha Náisiúnta um Thús Áite do Leanaí.  Leagtar amach ann na prionsabail agus na nósanna imeachta a bhfuiltear le cloí leo le cinntiú, chomh fada agus is féidir, go bhfuil gach leanbh a dhéanann idirghníomhú leis na Coimisinéirí Ioncaim, slán ó dhíobháil.