Acht na dTeangacha Oifigiúla

Scéim Teanga na gCoimisinéirí Ioncaim 

Éilíonn Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 go bhfoilseodh comhlacht poiblí scéim ina sonraítear na seirbhísí a sholathróidh siad trí mheán: 

  • na Gaeilge
  • an Bhéarla
  • na Gaeilge agus an Bhéarla 

Féadtar eolas ar Scéim Ghaeilge na gCoimisinéirí Ioncaim a fháil sna doiciméid seo a leanas: 

Ag déanamh do chuid gnó leis na Coimisinéirí Ioncaim trí Ghaeilge

An raibh a fhios agat go gcuireann na Coimisinéirí Ioncaim réimse leathan seirbhísí ar fáil dá gcuid custaiméirí le Gaeilge? 

Soláthraíonn muid réimse ábhair trí Ghaeilge agus Béarla ar ár suíomh idirlín. Cabhraíonn muid, freisin, le custaiméirí le Gaeilge ar na slite seo a leanas: 

  • Más mian leat go ndéileálfaí le do chúrsaí cánach trí Ghaeilge, is féidir leat muid a chur ar an eolas trí theagmáil a dhéanamh le d'Oifig de chuid na gCoimisineirí Ioncaim
  • Féadfaidh custaiméirí gnó, daoine féinfhostaithe san áireamh, clárú le haghaidh ROS agus na seirbhísí a úsáid chun foirmeacha agus íocaíochtaí áirithe a thíolacadh agus chun aisíocaíochtaí a éileamh ar líne.
  • Féadfaidh fostaithe Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) atá cláraithe le haghaidh seirbhísí ÍMAT:
    • breathnú ar fhaisnéis fúthu ar thaifid na gCoimisinéirí Ioncaim
    • creidmheasanna cánach a éileamh agus ioncam breise a dhearbhú
    • sonraí pearsanta a nuashonrú, srl.
  • Ligeann an R-Fhoirm 12 d’fhostaithe tuairisceán ioncaim a chomhlánú go leictreonach, chomh maith le creidmheasanna cánach, liúntais agus faoisimh a éileamh go leictreonach do thréimhse bliana féilire.
  • Tá rogha ar ár n-uimhreacha fóin ÍMAT do chustaiméirí ar mian leo a ngnó a dhéanamh i nGaeilge.
  • Soláthraíonn muid seirbhís trí Ghaeilge ag roinnt dár n-oifigí poiblí.
  • Féadfaidh tú do Cháin Maoine Áitiúil (CMÁ) a íoc ar líne trí Ghaeilge agus admháil íocaíochta a fháil.
  • Féadtar do chuid gnó uile a bhaineann leis an Dreasacht Athchóirithe Tí (DAT) a dhéanamh trí Ghaeilge. Áirítear leis seo úinéirí tí agus conraitheoirí sonraí oibre a chur isteach, chomh maith le húinéirí tí éilimh a dhéanamh. 

Tá rún daingean ag na Coimisinéirí tiomanta do raon na seirbhísí Gaeilge a chuireann siad ar fáil a mhéadú, lena n-áirítear ábhar ar an suíomh idirlín.