Creidmheas Cánach Coigríche Fíor-ama do chásanna de Stoc-Aonaid Shrianta

Cásanna 2021

Cuireadh an spriocdháta tíolactha 31 Márta 2022 do chásanna inar cuireadh Creidmheasanna Cánach Eachtrach Fíor-ama ar fáil tríd an bpárolla ar fionraí.

Iompóidh an dáta tíolactha d’fhostaithe den chineál seo go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022 (an dáta caighdeánach tíolactha).

Cásanna 2020

Cuireadh an spriocdháta tíolactha do chásanna 2020, an 31 Márta 2021, ar fionraí sa chás gur soláthraíodh Creidmheasanna Cánach Eachtrach Fíor-ama tríd an bpárolla.

Iompófar dáta tíolactha an Tuairisceáin Cánach Ioncaim 2020 d’fhostaithe den chineál seo, mar is cuí:

  • go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021 (an dáta caighdeánach tíolactha do Cháin Ioncaim).
  • go dtí an 19 Samhain 2021 (an spriocdháta tíolactha sínte le haghaidh tuairisceán íoctha agus tíolactha ar ROS)

Cásanna 2019

Cuireadh spriocdháta tíolactha an 31 Márta 2020 ar fionraí le haghaidh chásanna 2019 sa chás gur soláthraíodh Creidmheasanna Cánach Eachtrach Fíor-ama tríd an bpárolla.

Cuireadh tuairisceán Cánach Ioncaim (CI) 2019 d’fhostaithe den chineál sin ar ais, de réir mar a raibh chuí, chuig:

  • 31 Deireadh Fómhair 2020 (an dáta caighdeánach tíolactha)
  • 10 Nollaig 2020( an spriocdháta tíolactha sínte le haghaidh tuairisceán íoctha agus tíolactha ar ROS).