Díolúine ó chostais athoiliúna i bpacáiste iomarcaíochta (dar críoch 1 Bealtaine 2021)

 Tabhair do d’aire

Tháinig deireadh leis an mbeart lamháltais seo ar an 01 Bealtaine 2021. Ón 2 Bealtaine 2021, ní mór don duine aonair an athoiliúint a críochnú taobh istigh den ghnáth-thréimhse 6 mhí chun leas a bhaint as an díolúine seo.

Is gnách go mbíonn an costas a bhaineann le fostaí a athoiliúint mar chuid de phacáiste iomarcaíochta díolmhaithe ó Cháin Ioncaim má tá an méid seo a leanas i gceist leis an oiliúint:

  • tá costas níos lú ná €5,000 air
  • agus
  • ní mór go gcríochnófar an athoiliúint taobh istigh de 6 mhí ó scor na fostaíochta.

Tá na Coimisinéirí Ioncaim sásta an creat ama sé mhí a síneadh mura bhféadtar an athoiliúint a chríochnú mar gheall ar shrianta COVID-19. Ní mór go dtarlóidh an athoiliúint taobh istigh de shé mhí ón uair a bheidh an cúrsa riachtanach ar fáil tar éis dheireadh na srianta COVID-19.