Aisíocaíochtaí cánach le linn COVID-19

  1. Léargas ginearálta
  2. Aisíocaíochtaí Cánach Corparáide
  3. Tráthíocaíochtaí Creidmheasanna Cánach Taighde agus Forbartha barrachais a bhrostú
  4. Aisíocaíochtaí préimheanna árachais cúraim leighis

Tráthíocaíochtaí Creidmheasanna Cánach Taighde agus Forbartha barrachais a bhrostú

De ghnáth, baineann an méid seo a leanas le creidmheasanna cánach Taighde agus Forbartha (T&F) barrachais:

  • íoctar iad i dtrí thráthíocaíocht
  • ní íoctar iad níos luaithe ná spriocdháta íoca agus tíolactha na Cánach Corparáide inar tabhaíodh an caiteachas

Mar gheall ar chúinsí eisceachtúla na paindéime COVID-19, bhrostaigh na Coimisinéirí Ioncaim íocaíocht tráthíocaíochta na creidmeasa cánach T&F 2021 barrachais.

I gcásanna roghnaithe, bhí an íocaíocht faoi réir na seiceálacha cuí.

Cén chaoi le híocaíochtaí a bhrostú a iarraidh

Le híocaíocht na gcreidmheasanna barrachais a éascú, ní mór an fhoirm CT1 a bheith tíolactha, ag tráth an iarratais do thréimhse chuntasaíochta na cuideachta dar críoch:

  • in 2020
  • agus
  • suas le mí an Mhárta 2021.

Déan iarratas ar thráthíocaíochtaí na cánach T&F barrachais a bhrostú trí M’Fhiosruithe in Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Chun é seo a dhéanamh:

  • cliceáil ar ‘Cuir fiosrú nua leis’
  • roghnaigh ‘Cáin Chorparáide’ ón roghchlár 'Baineann m’fhiosrú le'
  • roghnaigh ‘tráthíocaíochtaí T&F iníoctha in 2020 agus 2021’ ón roghchlár ‘Agus níos beaichte’
  • cuir isteach téacs d’fhiosraithe sa bhosca ‘Sonraí an Fhiosraithe’
  • cuir faisnéis nó doiciméid tacaíochta leis má iarrtar é trí ‘Cuir comhaid leis’ a roghnú
  • cliceáil ar tíolaic.

Ar aghaidh: Aisíocaíochtaí préimheanna árachais cúraim leighis