Aisíocaíochtaí cánach le linn COVID-19

Aisíocaíochtaí Cánach Corparáide

Tabhair do d'aire

Tháinig deireadh leis an tosaíocht seo d'aisíocaíochtaí agus aisíocaíochtaí in éagmais cuntais Teanga Tuairiscthe Gnó Inbhreisithe (iXBRL) ar an 30 Meitheamh 2021.

Tugadh tosaíocht d’aisíocaíochtaí Cánach Corparáide do thréimhsí dar críoch Márta 2019 nó dá éis sin in éagmais cuntais iXBRL.

Nuair is infheidhme, bhí na haisíocaíochtaí faoi réir seiceálacha cuí i gcásanna roghnaithe. Ní mór leanúint d’eolas ar chuntais iXBRL a chur ar ais a luaithe agus is féidir.

Ar aghaidh: Tráthíocaíochtaí Creidmheasanna Cánach Taighde agus Forbartha barrachais a bhrostú