Lamháltais shealadacha a rinneadh d'fhaoisimh agus díolúintí

Brostú sealadach ar fhaoiseamh ó Cháin Chorparáide i leith caillteanais

 Tabhair do d’aire

Foráiltear don bheart sealadach seo faoi Alt 396D den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997. Níl faoiseamh caillteanais luathaithe faoi alt 396D ar fáil a thuilleadh mar gheall ar theorainneacha ama atá foráilte sa reachtaíocht. Ba é an 30 Bealtaine 2022 an dáta deireanach faoina bhféadadh éileamh a dhéanamh faoi alt 396D.

Bhí brostú sealadach ar fhaoiseamh ó Cháin Chorparáide i leith caillteanais ar fáil do chomhlachtaí a bhfuil tionchar ag paindéim COVID-19 orthu. 

Lig sé seo do chomhlachtaí:

  • a gcaillteanais trádála i leith tréimhsí cuntasaíochta áirithe a mheas
  • agus
  • suas le 50% de na caillteanais trádála sin a thabhairt siar in aghaidh bhrabúis inmhuirir na tréimhse cuntasaíochta roimhe seo ar bhonn brostaithe.

Níor mhór cuid den tréimhse ón 1 Márta 2020 go 31 Nollaig 2020, nó í uile, a bheith san áireamh sa tréimhse chuntasaíochta inar tabhaíodh an caillteanas. Chiallaigh sé seo go bhféadfadh tréimhsí cuntasaíochta dar críoch 2020 agus 2021 a bheith incháilithe don fhaoiseamh.

Incháilitheacht

Níor mhór an comhlacht a bheith go hiomlán comhlíontach ó thaobh cánach de.

Measadh go raibh comhlachtaí comhlíontach ó thaobh cánach sna cásanna seo:

Éileamh á dhéanamh

Níor mhór an Fhoirm CT1 don tréimhse chuntasaíochta roimhe seo, a raibh na caillteanais mheasta á tabhairt siar ina leith, a thíolacadh. Féadadh an t-éileamh ar fhaoiseamh i leith caillteanas brostaithe a dhéanamh ach an Fhoirm CT1 seo a leasú ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Bhí réimse san áireamh ar an bhFoirm CT1 ina bhféadfadh comhlacht éileamh eatramhach a dhéanamh faoi Alt 396D. Níor mhór an chuid ‘cuir tic sa bhosca’ d’éileamh faoi Alt 396D a úsáid chun dearbhú a dhéanamh go raibh an méid seo i gceist leis an éileamh:

  • gur éileamh eatramhach faoi Alt 396D ab ea é
  • gur thabhaigh comhlacht nó go bhfuil comhlacht ag súil leis go réasúnta go dtabhóidh sé caillteanas trádála neamhchuí nó caillteanais trádála chuí sa tréimhse chuntasaíochta shonraithe
  • go raibh comhlacht comhlíontach ó thaobh cánach de ar an dáta a rinneadh an t-éileamh eatramhach.

Ar aghaidh: Faoiseamh Gnó ó Cháin Fáltas Caipitiúil