Lamháltais shealadacha a rinneadh d'fhaoisimh agus díolúintí

Bearta sealadacha i ndáil le díolúine scoláireachta

Tabhair do d’aire

Tháinig deireadh leis seo ar an 31 Nollaig 2020.

I gcás 2021, beidh teidlíocht don fhaoiseamh bunaithe ar na critéir leagtha amach in Alt 193 den ACC, 1997. 

Ní mór do mhic léinn a éilíonn an Díolúine Scoláireachta an Fhoirm Dhearbhaithe um Dhíolúine Scoláireachta a chomhlánú agus Uimhir Seirbhíse Poiblí Pearsanta (PPSN) a chur ar fáil.

Mar thoradh ar shrianta taistil COVID-19, féadfaidh sé nár éirigh le mic léinn taisteal chuig an Stát. Chiallódh sé seo nach raibh siad in ann PPSN a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS).

Mar gheall air seo, tá lamháltas sealadach déanta ag na Coimisinéirí Ioncaim agus neamhaird déanta den choinníoll nuair atá an méid seo i gceist leis an mac léinn:

  • má chomhlíon an mac léinn na coinníollacha eile uile a theastaíonn don Díolúine Scoláireachta
  • má bhí an mac léinn i láthair i ndlínse eile mar thoradh ar shrianta taistil COVID-19, agus go mbeadh​sé nó sí i láthair sa Stát murach sin
  • má fuair an mac léinn UPSP ag an gcéad deis a bhí aige nó aici tar éis dó nó di teach isteach sa Stát.

Taifead ar na fíricí agus na cúinsí

Bhí taifead den láithreacht chuí bona fide lasmuigh den Stát le coinneáil:

  • ag an mac léinn
  • agus
  • ag an gcoláiste nó ollscoil.

Ní mór an taifead seo a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim má iarrtar é.