Seimineáir agus físeáin eolais ar an mBreatimeacht

Léargas ginearálta

Tá na Coimisinéirí Ioncaim tiomanta do bheith gníomhach le gnóthaí chun cabhrú leo impleachtaí féideartha Custam ar an méid seo a leanas a shainaithint agus a thuiscint:

  • an caidreamh trádála nua leis an Ríocht Aontaithe
  • agus
  • an chaoi le haghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí seo.

Ar an 5 agus an 6 Deireadh Fómhair 2020, mar chuid de chlár caidrimh na gCoimisinéirí Ioncaim le trádálaithe, reáchtáil muid sraith seisiún eolais faoin Breatimeacht faoi shruth beo. Le linn na seisiún seo, thug muid eolas tábhachtach chun cabhrú leat ullmhú le haghaidh trádála leis an mBreatain Mhór ón 1 Eanáir 2021. Leanann an fhaisnéis seo de bheith mar fhoinse thábhachtach do ghnóthaí.

Ar an 7 Iúil 2021, in éineacht leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, chuir na Coimisinéirí Ioncaim seimineár gréasáin dar teideal ‘An Breatimeacht: Sé mhí ar aghaidh’ ar siúl. Chuir an seimineár gréasáin seo léargas ginearálta ar fáil d’éispéiris trádála ón 1 Eanáir 2021 i leith.

An 14 Iúil 2021, chuir na Coimisinéirí Ioncaim seimineár gréasáin, “Roghanna maidir le himréiteach custaim agus earraí á n-iompórtáil agus á n-espórtáil trí Thuaisceart Éireann nó chuig Tuaisceart Éireann” ar siúl. Chuir an seimineár gréasáin seo i gcuimhne duit na roghanna imréitigh custaim atá ar fáil do na cineálacha gluaiseachta seo a leanas:

  • An Bhreatain Mhór - Tuaisceart Éireann - Éire
  • An Bhreatain Mhór - Éire - Tuaisceart Éireann 
  • Éire - Tuaisceart Éireann - An Bhreatain Mhór 
  • Tuaisceart Éireann - Éire - An Bhreatain Mhór

Chun cuidiú leat freastal ar na riachtanais nua trádála, tá taifid de na seisiúin eolais seo ar fáil sa rannán seo.

Tá na sleamhnáin ó chur i láthair na seisiún ar fail sa rannán 'Treoir bhreise’ den leathanach seo.

Tuilleadh eolais

Má tá ceist shonrach agat maidir leis an mBreatimeacht agus cúrsaí custam, seol ríomhphost chuig brexitqueries@revenue.ie leis na sonraí ábhartha. 

Ar aghaidh: Iompórtáil agus Easpórtáil tríd Tuaisceart Éireann: roghanna imréitigh - cur i láthair (Iúil 2021)