Impleachtaí féideartha CBL ar thrádáil leis an Ríocht Aontaithe tar éis an Bhreatimeachta.

Tuairisciú

Tá dualgais tuairiscithe Cánach Breisluacha (CBL) i bhfeidhm faoi láthair ar thrádáil idir Ballstáit de chuid an Aontais Eorpaigh (AE). Ní bheidh na dualgais seo i bhfeidhm ar thrádáil leis an Ríocht Aontaithe tar éis an Bhreatimeachta. Mar sin, ní bheidh ort an t-eolas seo a leanas a thuairisciú chun trádáil a dhéanamh leis an Ríocht Aontaithe: 

  • Sonraí ar sholáthairtí earraí agus seirbhísí do ghnóthaí atá cláraithe le haghaidh CBL sa Ríocht Aontaithe ar thuairisceán VIES
  • Sonraí ar díolacháin chuig nó ceannacháin ón Ríocht Aontaithe ar thuairisceáin Intrastat .

Ar aghaidh: Simpliúcháin an Aontais Eorpaigh (AE)