Impleachtaí CBL ar thrádáil leis an Ríocht Aontaithe le linn na hidirthréimhse

Faoin gComhaontú um Tharraingt Siar, beidh an Ríocht Aontaithe in idirthréimhse ó Feabhra 2020 go dtí 31 Nollaig 2020. Le linn na tréimhse seo, ní thiocfaidh athrú ar fhorálacha reachtacha i ndáil le trádáil agus riachtanais staitistiúla.

Ciallaíonn sé seo nach dtiocfaidh aon athrú ar fhreagracht thrádálaí na tuairisceáin seo a leanas a thíolacadh:

Leanfaidh trádálaithe de rochtain a bheith acu ar an gcóras Aisíocaíocht CBL Leictreonacha (EVR), simpliúcháin an AE agus mar sin de.

Déanfar uasdátú ar an leathanach seo de réir aon fhorbairtí reachtacha.