Céard é an Breatimeacht?

Próiseas agus idirbheartaíocht

Reáchtáil an Ríocht Aontaithe reifreann ar an mBreatimeacht ar an 23 Meitheamh 2016. Tar éis sin d’agair siad Alt 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Mar thoradh ar na gníomhaíochtaí seo tá an Ríocht Aontaithe tar éis an tAontas Eorpach (AE) a fhágáil agus is tír neamh-AE í anois.

De bhun Alt 50 a agairt, cuireadh tús le próiseas dhá bhliain idirbheartaíochta. Ba é cuspóir na hidirbheartaíochta seo ná comhaontú a fháil ar théarmaí imeacht na Ríochta Aontaithe ón AE ar bhealach eagraithe.

Bhí dréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar á phlé ó mhí Feabhra 2018. Féach amchlár imeachtaí na Comhairle Eorpaí le haghaidh tuilleadh eolais.

In Eanáir 2020, dhaingnigh Parlaimint na hEorpa agus an Ríocht Aontaithe an Comhaontú um Tharraingt Siar. Beidh an Ríocht Aontaithe in idirthréimhse ó 1 Feabhra 2020 go dtí 31 Nollaig 2020. I rith na tréimhse seo, leanfaidh an Ríocht Aontaithe, chun críocha gluaiseachta earraí, seirbhísí agus daoine, amhail go bhfuil sí ina Bhallstát iomlán den AE. Tá forálacha i leith Thuaisceart Éireann clúdaithe ag an revised Protocol to the Withdrawal Agreement atá i bhfeidhm ó 1 Eanáir 2021.

I ráiteas tosaigh Chathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim in Opening Statement to the Committee on Finance, Public Expenditure and Reform and Taoiseach i mí na Bealtaine 2017, tugtar eolas breise cúlra.

Cuireann an Coimisiún Eorpach eolas ar fáil ar fhorbairtí leanúnacha i ndáil le tarraingt siar an Ríocht Aontaithe ón Aontas Eorpach (AE).

Na Coimisinéirí Ioncaim agus an Breatimeacht

Is é cuspóir na gCoimisinéirí Ioncaim i leith na timpeallachta trádála idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe (an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann) ón 1 Eanáir 2021 ná éascú a dhéanamh ar an trádáil dhlisteanach le go mbogfadh sé chomh tapa agus chomh héifeachtúil agus is féidir. Baineann sé seo leis an trádáil a dhéantar go díreach leis an Ríocht Aontaithe (seachas Tuaisceart Éireann), nó trí dhroichead talún na Ríochta Aontaithe le mór-roinn na hEorpa. Tá muid dírithe ar chabhrú le gnóthais an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • tionchar an Bhreatimeachta a mheasúnú
  • agus
  • leas iomlán a bhaint as na simpliúcháin agus na nósanna imeachta atá ar fáil faoi Chód Custam an Aontais.

Laghdóidh sé seo, a oiread agus is féidir, na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith leis an mBreatimeacht agus tacóidh siad leis an sreabhadh éifeachtúil pras trádála.

Tá dul chun cinn maith déanta lenár n-ullmhúchán agus pleanáil. An tosaíocht a bhí againn ná cinntiú go dtacaíonn ár gcórais Teicneolaíochta Faisnéise le sreafaí éasca éifeachtúla trádála tar éis na hidirthréimhse. Beidh sé de chumas ag ár gcórais déileáil leis an méadú de nósanna imeachta custam le haghaidh gluaiseacht earraí agus ainmhithe i ndáil leis an Ríocht Aontaithe.

De réir an cheadaithe ón rialtas, tá baill bhreise foirne earcaithe againn chun déileáil le trádáil Thoir-Thiar. Tá muid ag obair lenár gcalafoirt agus aerfoirt maidir le timpeallacht athraithe trádála tar éis na hidirthréimhse.

Tá caidreamh díreach againn le gnóthaí, oibreoirí eacnamaíochta, agus comhlachtaí trádála agus ionadaíochta chun tacú le hullmhacht don Bhreatimeacht.

Tuilleadh eolais

Má tá ceist shonrach agat maidir leis an mBreatimeacht agus cúrsaí custam, seol ríomhphost chuig brexitqueries@revenue.ie leis na sonraí ábhartha.