Coiste Sainchomhairleachta Custam (CSC)

Léargas ginearálta

Is éard atá sa Choiste Sainchomhairleachta Custam (CSC) ná ionadaithe na n-eagraíochtaí trádála atá páirteach i ngnó na hiompórtála agus na heaspórtala, agus na Coimisinéirí Ioncaim. Buaileann an coiste le chéile i gcaitheamh na bliana is fóram é chun plé a dhéanamh ar an méid seo:

  • reachtaíocht nua custam an Aontais Eorpaigh (AE)
  • nósanna imeachta molta
  • agus
  • ábhair eile comhshuime.

Tugann sé deis do na heagraíochtaí ar comhaltaí iad, simpliú agus éascú na nósanna imeachta le custaim a chur chun cinn.

Ar aghaidh: Ballraíocht ar an gCoiste Sainchomhairleachta Custam (CSC)