CBL – Trádáil idir Éire agus An Bhreatain Mhór tar éis na hidirthréimhse

Cuntasaíocht iarchurtha

Cuntasaíocht iarchurtha ar fáil anois i leith CBL ar iompórtálacha do gach trádálaí atá cláraithe le haghaidh CBL.

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim trádálaithe nach gcomhlíonann coinníollacha agus riachtanais áirithe a eisiamh ón scéim seo a úsáid. 

Baineann an méid seo a leanas leis an scéim seo:

  • déantar foráil ann do chuntasaíocht iarchurtha i leith CBL ar iompórtálacha ó thíortha neamh-AE
  • cuirfear ar do chumas cuntas a choinneáil ar CBL iompórtála ar do thuairisceán CBL
  • ligfear duit CBL a aiséileamh ag an tráth céanna is a dhearbhaítear é ar thuairisceán. Tá sé seo faoi réir na ngnáthrialacha i leith in-asbhainteacht.

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim trádálaithe nach gcomhlíonann coinníollacha agus riachtanais áirithe ó cuntasaíocht iarchurtha. Áireofar comhlíontacht leis na dlíthe cánach agus custaim i measc na coinníollacha agus na riachtanais nach mór a chomhlíonadh. D’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar ghnó freisin na Coimisinéirí Ioncaim a shásamh maidir le hinmharthanacht a gcuid gníomhaíochtaí gnó agus a gcumas a ndliteanais CBL a íoc.

Cén chaoi le cuntasaíocht iarchurtha a úsáid

Chun cuntasaíocht iarchurtha a úsáid, ba chóir d’iompórtálaí cód a chur isteach ar an dearbhuithe iompórtála. Ligfidh an cód seo don iompórtálaí cuntas a thabhairt ar CBL ar dhliteanas iompórtála ina Thuairisceán CBL. Beidh boscaí (réimsí) nua sa Tuairisceán CBL chun na sonraí seo a ghabháil.  Más mian le hiompórtálaí CBL a íoc ag tráth na hiompórtála, níor chóir an cód cuí a chur isteach. Féadtar tuilleadh eolais ar an gcaoi leis an scéim a úsáid in Cuntasaíocht iarchurtha.

Tabhair do d’aire

Tá gach duine atá cláraithe le haghaidh CBL agus Custaim agus Máil (C agus E) ag 11:00i.n ar an 31 Nollaig 2020 i dteideal go huathoibríoch leas a bhaint as Cuntasaíocht Iarchurtha. Chun cuntasaíocht iarchurtha a úsáid, ní mór duit cóid áirithe a chur isteach ar do dhearbhuithe iompórtála. Féadtar teacht ar thuilleadh eolais in Payment of Import Duties for UK Imports.

I gcás go ndéanann na Coimisinéirí Ioncaim trádálaí a eisiamh ón scéim chuntasaíochta iarchurtha, níor chóir an cód a chur isteach ar an dearbhú iompórtála. Sa chás sin, ní mór cuntas a thabhairt ar CBL agus é a íoc ag tráth na hiompórtála.  Cinnteoidh an fhoireann chustaim nach gceadaítear d’aon iompórtálaí eisithe leas a bhaint as an scéim.

Tabhair do d’aire

Ní bheidh cuntasaíocht iarchurtha i bhfeidhm ar earraí a ceannaíodh ó Thuaisceart Éireann. Déileálfar leis na ceannacháin seo mar fháltais laistigh den chomhphobal AE faoi láthair.

Beidh iontrálacha breise bainteach le cuntasaíocht iarchurtha ag teastáil sa Tuairisceáin CBL agus An Tuairisceán Bliantúil ar Shonraí Trádála (TST CBL). Tá feidhm ag an Tuairisceán CBL leasaithe agus an CBL RTD maidir le gach tréimhse CBL nó gach tréimhse chuntasaíochta ag tosú ón 1 Eanáir 2021.

Ar aghaidh: CBL a thabhaítear sa Bhreatain Mhór a éileamh ar ais