Treoracha um AEP do thrádálaithe agus aguisíní

Láimhseálann an córas Próiseála Iontrála Uathoibríoch (AEP) bailíochtú, próiseáil, cuntasaíocht dleachta agus imréiteach dearbhuithe custam.

Tabhair do d’aire

Ón 4 Deireadh Fómhair 2021, ní fhéadtar dearbhuithe iompórtála a thíolacadh ach tríd an gCóras Iompórtála Uathoibríoch (CIU)

Ón 22 Bealtaine 2023, ní fhéadtar dearbhuithe easpórtála a thíolacadh ach amháin  tríd an gCóras Easpórtála Uathoibríoch (AES)

Ón 4 Meán Fómhair 2023, ní féidir leasuithe a dhéanamh go leictreonach a thuilleadh ar dhearbhuithe iompórtála nó easpórtála a chuirtear isteach in AEP. Gheobhaidh tú eolas faoi conas dearbhuithe a leasú in AEP ón 4 Meán Fómhair 2023 in eCustoms notification 21-2023.

Leagtar amach sna doiciméid seo a leanas na formáidí, sainmhínithe agus na rialacha gnó a bhaineann le dearbhuithe a gcuirtear isteach tríd an gcóras AEP:

Cosaint sonraí

Bailíonn an tEolaire Iompórtála, Easpórtála agus Idirthurais (IET) de chuid OLAF (oifig frith-chalaoise an Choimisiúin Eorpaigh) eolas ar ghluaiseacht earraí chun críocha custam. Bailítear an t-eolas seo ón gCóras Rialaithe Easpórtálaithe (ECS) nuair a easpórtáiltear earraí leis an gcóras AEP.

Is iondúil go dtagraíonn an t-eolas a bhailítear do chuideachtaí, ach féadfaidh sé go dtagraíonn sé do dhaoine aonair chomh maith. Féadtar tuilleadh eolais a fháil ar na sonraí a bhailíonn an t-eolaire IET in Privacy Statement for IET.

Tuilleadh eolais

Tá líne chabhrach á hoibriú ag na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh fiosruithe AEP.