Modhanna íocaíochta

Léargas ginearálta

Tá dhá rogha ann do thrádálaithe chun na muirir seo a leanas a íoc:

  • Dleacht Custam
  • Dleacht Mháil
  • Cáin Bhreisluacha (CBL)
  • Cáin Cláraithe Feithiclí (CCF).

Féadtar íoc ar na bealaí seo:

  • le hairgead tirim
  • trínár n-áis íocaíochtaí iarchurtha a úsáid, tar éis cead a fháil.

Íocaíocht airgid thirim

Tar éis duit clárú le haghaidh C&M, beidh cuntas UTC agat go huathoibríoch faoin uimhir céanna agus atá d’uimhir clárúcháin C&M.  Ní mór creidmheas a bheith ar fáil ar an gcuntas sula dtíolacann tú dearbhú. Aon chreidmheas atá fágtha ag deireadh gach míosa, téann sé ar aghaidh go dtí an chéad mhí eile. Féadtar íoc trí na modhanna seo a leanas a úsáid:

Cárta creidmheasa agus cárta dochair

Níl an rogha seo ar fáil ach do chustaiméirí na rannóg gnó seo a leanas:

  • An Rannóg Gnó
  • agus
  • Rannóg na gCánacha Pearsanta. 

Níl an rogha seo ar fáil do chustaiméirí na rannóg gnó seo a leanas:

  • Rannóg na gCorparáidí Móra,
  • Rannóg na bhFiontar Meánmhéide
  • Cásanna Móra - Rannóg Daoine Aonair Ardioncaim.

Treoir dochair aonair

Féadtar teacht ar an bhfeidhmchlár slán ar líne trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó moChúrsaí.

Féach treoir bhreise le haghaidh tuilleadh eolais ar áis íoca ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid le híocaíochtaí CBL ag tráth na hiompórtála, Dleacht Custam agus Dleacht Mháil a dhéanamh.

Féach Íocaíochtaí ar líne le haghaidh tuilleadh eolais ar áis íoca ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid le híocaíochtaí CCF a dhéanamh.

Íocaíocht iarchurtha

Is éard atá sa chóras íocaíochtaí iarchurtha (scéim dochair dhírigh bainc) ná údarú trína bhféadtar íocaíocht muirear áirithe a iarchur. Folaíonn na muirir seo Dleacht Custam, CBL ag tráth na hiompórtála, Dleacht Mháil agus CCF. Ní mór duit ráthaíocht a thaisceadh agus cloí le coinníollacha an údaraithe. Ligeann an t-údarú seo duit, nuair a cheadaítear é, na dleachta agus cánacha dlite a íoc le dochar díreach sa mhí ina dhiaidh. Ní mór do thrádálaithe máil atá ag obair ó thrádstóras oibriú ar bhonn iarchurtha amháin. 

Ar aghaidh: Cén chaoi le cur isteach ar údarú íocaíochta iarchurtha custam