Fuinneog Aonair Custam/CERTEX
Léargas ginearálta
Tá Timpeallacht Fhuinneog Aonair an AE do Chustaim/CERTEX deartha chun scaoileadh níos éifeachtúla a dhéanamh ar earraí áirithe ag teorainn an Aontais Eorpaigh (AE). Baintear é seo amach trí sonraí a roinnt go leictreonach idir gníomhaireachtaí rialtais ó bhunachar sonraí AE ar a dtugtar CERTEX.
In Éirinn, is iad na gníomhaireachtaí rialtais ábhartha ná:
- Na Coimisinéirí Ioncaim
- an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM)
- Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
- an Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC)
- an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Tá Timpeallacht Fhuinneog Aonair an AE do Chustaim/CERTEX i bhfeidhm in Éirinn ó 2015.
I mí Feabhra 2023, chuir Éire CERTEX i bhfeidhm do impórtálacha a éilíonn Doiciméid Choiteanna Iontrála Sláinte (CHED) agus Deimhniú Cigireachta um Chomhréireacht Orgánach (DC). Tá tuilleadh sonraí faoin gcéim sin ar fáil ar Timpeallacht Fhuinneog Aonair an AE do Chustaim/CERTEX agus DC.
Céard a tharlaíonn anois?
Cuirfear Timpeallacht Fhuinneog Aonair an AE do Chustaim/CERTEX i bhfeidhm de réir a chéile i ngach Ballstát thar roinnt blianta.
Cuirfear an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) leis ón 1 Eanáir 2026. Tuilleadh sonraí faoin gcéim seo ar fáil ar eCustoms notification 24/2025.
Tá sé i gceist ag Éirinn CERTEX a chur i bhféidhm maidir le Gás Ceaptha Teasa Fluairínithe (F-ghás), Substaintí a ídíonn an Ciseal Ózóin (ODS) agus Iompórtáil d'Earraí Cultúrtha faoi dheireadh 2026.
Beidh F-Ghás agus ODS comhtháite le CERTEX do importáil agus do easpórtáil.
Tabhair do d’aire
Nuashonrófar an leathanach seo le faisnéis bhreise agus muid ag druidim le dáta cur chun feidhme gach céim den FA.
Tuilleadh eolais
Má tá ceisteanna ar leith agat maidir le cur i bhfeidhm Timpeallacht Fhuinneog Aonair an AE do Chustaim/CERTEX, féadtar ríomhphost a sheoladh chuig aon cheann díobh seo le 'Fuinneog Aonair Custam/CERTEX' sa líne ábhair.
Na Coimisinéirí Ioncaim: ecustoms@revenue.ie
RTBM: importcontrols@agriculture.gov.ie
FSS: importcontroldublin@hse.ie
importcontrolrosslare@hse.ie
Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC): fgases@epa.ie
ods@epa.ie
CBAM@epa.ie