Córas Rialaithe Iompórtálacha (ICS)

Má oibríonn tú:

  • soitheach muirghabhála
  • aerárthach

a iompraíonn earraí neamh-Aontais Eorpaigh (AE) isteach go críocha custam an Aontais, ní mór duit sonraí a chur ar fáil roimh theacht duit. Déantar é seo trí Dhearbhú Achoimre Iontrála (ENS) a thíolacadh. Ba chóir an ENS a thíolacadh ag do chéadoifig iontrála isteach san AE don soiteach nó aerárthach sin.

Ba chóir an ENS a thaisceadh san ICS. Baintear úsáid as an gcóras seo ar fud an AE agus baintear úsáid as chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • an ENS a thaisceadh agus a phróiseáil
  • agus
  • teachtaireachtaí leictreonacha a mhalartú idir córais riaracháin custam, oibreoirí eacnamaíocha agus an Coimisiún Eorpach.

Cinntíonn an ICS go bhféadtar oibríochtaí iompórtála a chríochnaíonn i mBallstát amháin, a chríochnú i mBallstát eile gan an ENS a atíolacadh. Déanfar measúnú riosca ar an ENS agus seolfar aon sonraí cuí sábháilteachta agus slándála chuig an mBallstát eile.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an ICS, féach an Import Control System - Trader Guide.

Soláthraíonn na Coimisinéirí Ioncaim socruithe tacachumais a fhéadtar a úsáid chun d’earraí a imréiteach nuair nach bhfuil córais leictreonacha ar fáil.

Féadtar teacht ar thuilleadh eolais in Seirbhís tacachumais Custam.

Cosaint sonraí

Bailíonn an tEolaire Iompórtála, Easpórtála agus Idirthurais (IET) de chuid OLAF (oifig frith-chalaoise an Choimisiúin Eorpaigh) faisnéis ar ghluaiseacht earraí chun críocha custam. Bailítear an fhaisnéis seo ón gcóras ICS. 

Is iondúil go dtagraíonn an fhaisnéis a bhailítear do chuideachtaí, ach féadfaidh sé go dtagraíonn sé do dhaoine aonair chomh maith. Féadtar tuilleadh eolais a fháil ar na sonraí a bhailítear in IET a fháil sa Privacy Statement for IET.

Córas Rialaithe Iompórtálacha 2 (ICS2)

De réir a chéile tá córas nua ar a dtugtar Córas Rialaithe Iompórtálacha 2 (ICS2) á chur in ionad an ICS Córas Rialaithe Iompórtálacha 2 (ICS2). Faoin gcóras nua seo, éascófar go gcuirfí i bhfeidhm na próisis agus na nósanna imeachta nua faoi Chód Custam an Aontais a bhaineann le hiontráil na n-earraí.

Tuilleadh eolais

Tá líne chabhrach á hoibriú ag na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh fiosruithe faoin gcóras ICS.