Córas Nua Ríomhairithe um Idirthurais - Céim 5 (CNRI–C5)

Céard a d'athraigh faoi CNRI-C5?

Tabharfaidh tú faoi deara na hathruithe suntasacha seo in CNRI-C5:

  • Tá tacar sonraí nua ann don dearbhú idirthurais, mar atá sainithe faoi Chód Custam an Aontais. Cé go bhfuil formhór an eolais a theastaíonn chun do dhearbhú idirthurais a chomhlánú mar an gcéanna leis na sonraí a úsáidtear in CNRI-C4, tá roinnt eilimintí sonraí nua i gceist. Tá sonraí ar fáil sa cháipéis NCTS-P5 Message Structures.
  • Ceadaíonn sé duit do dhearbhuithe idirthurais a thaisceadh suas le 30 lá sula gcuireann tú d’earraí i láthair do Chustaim. Má thaisceann tú do dhearbhú idirthurais roimh chur i láthair, beidh ort fógra um láithriú a thíolacadh do Chustaim nuair atá d’earraí réidh don idirthuras.
  • Tá sé éigeantach cód HS sé dhigit a sholáthar.
  • Éascaíonn sé clárú ‘Teagmhais ar an mbealach’. Ar an gcúis sin, tá ról oifige nua á thabhairt isteach, ar a dtugtar ‘Oifig Chláraithe na dTeagmhas’.
  • Déanfaidh sé nascadh go leictreonach lenár gcórais easpórtála uathoibríoch an Chórais Easpórtála Uathoibríoch (AES) chun tacú leis an gcás ‘easpórtáíl i ndiaidh idirthurais’.

Teachtaireachtaí nua in CNRI-C5

  • Nuair atá dearbhuithe idirthurais custam tíolactha roimh ré, is gá teachtaireacht 'Fógra um láithriú le haghaidh an dearbhú réamhthíolactha’ (IE170) a thíolacadh nuair atá na hearraí curtha i láthair.
  • Baintear úsáid as an teachtaireacht ‘Nack Feidhmiúil’ (IE906) chun earráidí bailíochtaithe gnó a thuairisciú, mar shampla, sárú ar rialacha agus coinníollacha.
  • Úsáidtear teachtaireacht ‘XML Nack’ (IE917) chun teachtaireachtaí i leith earráidí bailíochtaithe chomhréire, mar shampla earráidí XSD a dhiúltú.

Tuilleadh eolais

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, seol ríomhphost chuig UCCITDev@revenue.ie