Córas Nua Ríomhchuidithe Idirthurais - Céim 6 (NCTS P6)

Cuireadh CNRI-C6 i bhfeidhm ar an 1 Meán Fómhair 2025. Cinntíonn CNRI-C6 go gcomhlíonann ár  gcóras leictreonach um dhearbhú idirthurais na riachtanais dhlíthiúla atá reachtaithe i gCód Custam an Aontais (CCA).

Inár gcóras CNRI-C6, ní féidir sonraí sábháilteachta agus slándála an Dearbhuithe Iontrála Achomair (ENS) a chur san áireamh sa dearbhú idirthurais. Ní mór ENS ar leith a thaisceadh sa Chóras Rialaithe Iompórtálacha (ICS).

Treoracha NCTS-P6 do thrádálaithe

Tá eolas do sholáthraithe agus thrádálaithe bogearraí ar an gcaoi le córais Theicneolaíochta Faisnéise (TF) a shocrú suas le fáil i dTreoracha CNRI-C6 do thrádalaithe.