Córas Nua Ríomhairithe um Idirthurais - Céim 4 (CNRI-C4)

Leis an gcóras CNRI, féadtar do dhearbhuithe idirthurais a thíolacadh agus a thabhairt chun críche go leictreonach. Féadann na tíortha seo a leanas CNRI a úsáid:

Féadtar ceangal leis an gcóras CNRI trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Nuair a bheidh tú ceangailte, féadtar:

  • teachtaireachtaí leictreonacha idirthurais a ghiniúint
  • teachtaireachtaí a sheoladh ó CNRI na hÉireann
  • freagraí leictreonacha a fháil, amhail glacadh le dearbhú, scaoileadh le hearraí agus fógra um urscaoileadh.

Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil, féach NCTS Traders Guide - Guide to assist traders in the use of NCTS.

Soláthraíonn na Coimisinéirí Ioncaim socruithe tacachumais a fhéadtar a úsáid chun d’earraí a imréiteach nuair nach bhfuil córais leictreonacha ar fáil.

Féadtar teacht ar thuilleadh eolais in Seirbhís tacachumais Custam.

Cosaint sonraí

Bailíonn an tEolaire Iompórtála, Easpórtála agus Idirthurais (IET) de chuid OLAF (Oifig Frith-Chalaoise an Choimisiúin Eorpaigh) eolas ar ghluaiseacht earraí chun críocha custam. Bailítear an t-eolas seo ón gcóras CNRI.

Is iondúil go dtagraíonn an t-eolas a bhailítear do chuideachtaí, ach féadfaidh sé go dtagraíonn sé do dhaoine aonair chomh maith. Féadtar tuilleadh eolais a fháil ar na sonraí a bhailíonn an IET in Privacy Statement for IET.

Tuilleadh eolais

Tá líne chabhrach á hoibriú ag na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh fiosruithe faoin gcóras CNRI.