Easpórtálaithe
Rialuithe iompórtála na Ríochta Aontaithe - dátaí cur chun feidhme
Maidir le heaspórtálaithe Éireannacha atá ag easpórtáil chuig nó tríd an Ríocht Aontaithe, seachas Tuaisceart Éireann, ní mór dóibh an méid seo a leanas a chomhlíonadh:
- Gnásanna easpórtála custam na hÉireann a bhfuil feidhm acu ón 1 Eanáir 2021
- Riachtanais custaim d’iompórtálacha na Ríochta Aontaithe
- agus
- riachtanais na Ríochta Aontaithe maidir le gluaiseachtaí Sláintíochta agus Fíteasláintíochta (SPS).
Tá riachtanais na Ríochta Aontaithe maidir le hiompórtálacha ó Éirinn á dtabhairt isteach ar bhonn céimnithe mar atá leagtha amach i Border Target Operating Model (BTOM) na Ríochta Aontaithe.
Tugtar achoimre thíos ar phríomhghnéithe an BTOM do thrádálaithe Éireannacha.
Riachtanais custaim d’iompórtálacha na Ríochta Aontaithe
Tá gnásanna iomlána custam i bhfeidhm ar earraí a ghluaiseann go díreach ó Éirinn isteach go calafoirt sa Bhreatain Mhór.
Tabharfar tarscaoiltí buana isteach chun deireadh a chur leis an gá dearbhuithe Sábháilteachta agus Slándála (S agus S) a thíolacadh le haghaidh na ngluaiseachtaí riosca ísle seo a leanas:
- éisc amach
- idirthuras amach (sa chás go dtíolactar Dearbhú Iontrála Achomair taobh istigh de 14 lá)
- earraí saorphoirt amach.
Riachtanais bhreise na Ríochta Aontaithe maidir le gluaiseachtaí SPS
Chomh maith leis na riachtanais custam a leagtar amach thuas, ní mór íompórtálacha d’earraí SPS ó Éirinn a réamhfhógairt ar chóras iompórtála SPS na Ríochta Aontaithe Import of products, animals, food and feed system (IPAFFS). Tá deimhnithe easpórtála sláinte agus deimhnithe fíteashláintíochta de dhíth le haghaidh táirgí ainmhithe meánriosca, táirgí plandaí agus plandaí a iompórtáiltear chuig an mBreatain Mhór ón Aontas Eorpach (AE).
Tabhair do d’aire
Ní mór dearbhuithe iompórtála na Ríochta Aontaithe a réamh-thíolacadh agus fógra a thabhairt ina leith ag baint úsáid as Goods Vehicle Movement System (GVMS). Ní mór do tharlóirí a bhogann earraí trí chalafoirt na Ríochta Aontaithe a úsáideann an GVMS clárú don tseirbhís. Cabhróidh sé seo lena chinntiú go bpróiseáiltear earraí trí chustaim gan mhoill.
Beidh feidhm ag céannacht dhoiciméadach agus rioscabhunaithe agus seiceálacha fisiciúla ar na táirgí seo a leanas ón AE:
- táirgí ainmhithe meánriosca
- plandaí meánriosca
- táirgí plandaí meánriosca
- bia agus beatha ardriosca de thionscnamh neamh-ainmhíoch.
Dearbhuithe S agus S
Tá sé riachtanach go ndéantar dearbhuithe S agus S d'iompórtálacha an AE a thíolacadh d'údaráis na Ríochta Aontaithe. Cuirfidh tacar sonraí laghdaithe d'iompórtálacha deireadh le dúbláil nuair is féidir thar thacair sonraí éagsúla réamhtheachta – amhail S agus S, SPS, agus dearbhuithe custaim a cuireadh isteach roimh ré.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach treoir na Ríochta Aontaithe Preparing for the new safety and security declaration requirements.