Tuairisciú Custam do shoithí agus aerárthaigh

Cé is gá tuairisciú a dhéanamh?

Ní mór do mháistir an tsoithigh nó don phíolóta i gceannas ar an aerárthach tuairisciú leictreonach a dhéanamh do na Coimisinéirí Ioncaim maidir lena dteacht isteach nó fágáil, má tá earraí den chineál seo á n-iompar acu:

Cé na tuairiscí a theastaíonn?

Sonraítear sna hionstraimí reachtúla seo a leanas na tuairiscí a theastaíonn ó mháistir soithigh nó ón bpíolóta i gceannas ar aerárthach:

An bhfuil faisnéis den chineál céanna á tuairisciú agat do na Coimisinéirí Ioncaim nó do ghníomhaireachtaí eile rialtais cheana féin?

Má tá faisnéis den chineál céanna, i ndáil le soitheach nó aerárthach, á tuairisciú agat cheana féin:

  • do na Coimisinéirí Ioncaim
  • do ghníomhaireacht eile rialtais

níl ort tuairisc ar leithligh faoin ionstraim sin a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim.

D’fhéadfadh faisnéis den chineál céanna a bheith san áireamh, mar shampla, tuairiscí faoi SafeSeasIreland nó faisnéis faoi Alt 97 den Acht Airgeadais 2010.

Cén chaoi le tuairisc a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim

Féadann custaiméirí ÍMAT teacht ar M’Fhiosruithe trí moChúrsaí.

Féadann custaiméirí gnó teacht ar M’Fhiosruithe trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Tá roinnt custaiméirí ann nach bhfuil in ann teacht ar M’Fhiosruithe trí moChúrsaí ná ROS. Folaíonn siad seo:

  • neamh-chónaitheoirí nach bhfuil cláraithe le haghaidh cánach sa Stát
  • agus
  • gníomhairí atá ag gníomhú thar ceann a gcliant, ach nach bhfuil Uimhir Aitheantais Comhairleora Cánach (TAIN) acu.

Ba chóir do na custaiméirí seo tuairiscí a sheoladh chuig shipstores@revenue.ie.

Tabhair do d’aire

Ní fhéadann na Coimisinéirí Ioncaim aon ráthaíocht a thabhairt ar shlándáil sonraí pearsanta agus íogaire a sheoltar i ngnáth-théacs trí ríomhphost caighdéanach.

Tuairiscí (lena gcomhlánú agus a thíolacadh trí M’Fhiosruithe)

Is iad seo a leanas na tuairiscí a fhéadfaidh sé gur gá do mháistir soithigh nó píolóta i gceannas ar aerárthach a chomhlánú: