Easpórtáil agus ath-iompórtáil Sealadach d'earraí

Léargas ginearálta

Má iompórtálann tú earraí ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE), ní mór duit, nó do do ghníomhaire, dearbhú custam a chomhlánú. Ag brath ar an gcineál earraí a easpórtálann tú, ní mór duit iad a dhearbhú trí:

  • dearbhú leictreonach custam
  • carnet ATA
  • dearbhú custam ó bhéal.

Nuair a dhéanann tú do chuid earraí a ath-iompórtáil, féadtar é sin a dhéanamh gan Dleacht Chustaim agus CBL a íoc (Faoiseamh ar earraí aisdúichithe).

  • Ní mór do chuid earraí a ath-iompórtáil laistigh de trí bliana ón dáta easpórtála.
  • Ní mór cruthúnas doiciméadach ar easpórtáil a bheith agat. Gheobhaidh tú eolais faoin gcineál cruthúnais doiciméadach a bheidh ag teastail uait le hadhaidh gach cineál iontrála sa rannán seo.
  • Caithfidh do chuid earraí a bheith sa riocht chéanna is a bhí siad nuair a d’easpórtáil iad. Ní féidir gur próiseáladh nó go ndearnadh cóiriú orthu thar lear.

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais in Earraí a athiompórtáiltear isteach san Aontas Eorpach (Faoiseamh ar earraí aisdúichithe).

Ar aghaidh: Easpórtáil agus ath-iompórtáil sealadach d'earraí - dearbhú leictreonach custaim