Earraí a cheannach ar líne le haghaidh úsáid phearsanta

Earraí a cheannach ó na hOileáin Chanáracha

Má tá tú ag ceannach earraí ó na hOileáin Chanáracha, níl aon Dleacht Custam iníoctha.

Tá Cáin Bhreisluacha (CBL) iníoctha ag an ráta a bhaineann le díol earraí comhchosúla in Éirinn. Féach earraí a cheannach ó thaobh amuigh den AE, an Ríocht Aontaithe san áireamh le haghaidh tuilleadh eolas ar an gcaoi leis an CBL a ríomh.

Tabhair do d’aire

Ón 1 Iúil 2021, beidh CBL dlite ar gach lasta is cuma an luach custam. Baineadh an faoiseamh CBL do lastaí ar luach €22 nó níos lú ón 1 Iúil 2021. Má d’ordaigh tú earraí ar luach €22 nó níos lú roimh an 1 Iúil 2021, a thagann tar éis an dáta sin, féadfaidh sé go mbeidh ort CBL a íoc.

Tá Dleacht Mháil iníoctha ar tháirgí alcóil agus tobac beag beann ar a luach. Ní mór é seo a íoc ag d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim sula seoltar na hearraí chugat. Féach Cáin ar Tháirgí Alcóil agus Cáin ar Tháirgí Tobac le haghaidh tuilleadh eolais.

Ar aghaidh: Cén chaoi le d'earraí a aimsiú tar éis dóibh teacht go hÉirinn