Bronntanas a fháil nó earraí a iompórtáil ar luach nach mó ná 150 euro
Rialacha maidir le faoiseamh ó dhleacht ar choinsíneachtaí ar luach íseal
Féadtar lastaí ar luach €150 nó níos lú a iompórtáil gan Dleacht Custam a íoc. Féadann lastaí den chineál sin a bheith déanta suas d’earra amháin nó níos mó.
Tabhair do d’aire
Ón 1 Iúil 2021, beidh CBL iompórtála iníoctha i leith gach earra a thagann isteach san AE, is cuma a luach. Baineadh an faoiseamh CBL do lastaí ar luach €22 nó níos lú ón 1 Iúil 2021. Baileofar CBL i gcónaí, is cuma an tsuim atá dlite. Má d’ordaigh tú earraí ar luach €22 nó níos lú roimh an 1 Iúil 2021, a thagann tar éis an dáta sin, féadfaidh sé go mbeidh ort CBL a íoc.
Níl aon fhaoiseamh ó Dhleacht Custam, CBL nó Dleacht Mháil ar choinsíneachtaí ar luach íseal de na hearraí seo a leanas, is cuma an luach atá acu:
- tobac, táirgí tobac
- táirgí alcóil
- cumhráin nó uiscí maisíochta.
Mura gcáilíonn d’earraí le haghaidh faoisimh, féadfaidh sé go mbeidh ort dleacht agus cáin a íoc ina leith. Tá tuilleadh eolais air seo in Earraí á gceannach ar líne le haghaidh úsáid phearsanta.
Ar aghaidh: Rialacha maidir le faoiseamh ó dhleacht ar choinsíneachtaí bronntanais