Míreanna pearsanta a fágadh ina ndiaidh agus tú ag taisteal thar lear a thabhairt ar ais

Féadfaidh sé go gcáileoidh earraí pearsanta a fhágann tú i do dhiaidh agus tú ag taisteal lasmuigh den Aontas Eorpach (AE) le haghaidh faoisimh ó dhleachtanna iompórtála nuair a thugtar ar ais chugat iad. Ní mór duit a thaispeáint gurb iad na hearraí atá á dtabhairt ar ais d'earraí pearsanta agus gur thóg tú amach as an AE iad.

Coinníollacha maidir le Faoiseamh ar Earraí Aisdúichithe (RGR)

Tá an méid seo a leanas ag teastáil nuair atá RGR á éileamh agat:

  • Cruthúnas gur thóg tú na míreanna amach as an AE.
  • Cruthúnas ar úinéireacht na míreanna, nuair atá siad ar fáil. Ní mór do na Coimisinéirí Ioncaim a bheith sásta gur earraí pearsanta athláimhe iad na hearraí atá á dtabhairt ar ais agus nach earraí nuacheannaithe iad.
  • Deimhniú gurb ionann an duine atá ag fáil na n-earraí agus an duine a thóg na hearraí amach as an AE ar dtús.
  • Ní mór aon mhíreanna atá á dtabhairt ar ais a sheoladh ar ais go hÉirinn laistigh de thrí bliana ón uair a d'fhág siad an tAontas Eorpach.
  • Deimhniú go gcuirtear na míreanna ar ais sa riocht céanna is a bhí siad nuair a d'fhág siad Éire ar dtús. Níl earraí a sheoltar amach as an AE lena ndeisiú clúdaithe ag an bhfaoiseamh seo. Chun faisnéis a fháil maidir le hearraí a sheoltar lasmuigh den AE lena ndeisiú, féach próiseáil amach.

Cásanna ina ngearrtar dleachtanna iompórtála

Cuirfidh an t-oibreoir poist nó an chuideachta cúiréireachta in iúl duit nuair atá cáin agus dleacht iompórtála á ghearradh ar d'earraí. De ghnáth tugtar tréimhse ama duit inar chóir na muirir a íoc sula dtugtar na hearraí ar ais chuig an seoltóir. Sula dtéann an tréimhse seo in éag, ba chóir duit ríomhphost a sheoladh chuig an oibreoir poist nó chuig an gcuideachta cúiréireachta chun a chur in iúl go bhfuil RGR á éileamh agat.

Ba chóir go mbeadh an méid seo a leanas san áireamh sa ríomhphost seo:

  • d’ainm agus do sheoladh iomlán
  • an chúis leis na míreanna a thabhairt ar ais, an dáta ar seoladh na míreanna ar ais chugat, agus ainm agus seoladh an pacáiste
  • gach uimhir rianaithe cuí
  • sonraí ar do thaisteal agus ar an áit ar fágadh an mhír
  • cruthúnas gur thóg tú na míreanna amach, mar shampla, ticéid taistil nó sonraí lóistín
  • cruthúnas ar úinéireacht na míreanna, nuair atá siad ar fáil, agus aon doiciméid cuí eile
  • agus
  • ríomhphost ó sheoltóir d'earraí ina ndeimhnítear na cúinsí a bhaineann le tabhairt ar ais na míreanna.

Tuilleadh eolais

Féach ar ár rannán Faoiseamh Earraí Aisdúichithe chun tuilleadh eolais a fháil, nó déan teagmháil leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.