Éidí

Féadfaidh fostóir éide a sholáthar dá bhfoireann. Ní sochar comhchineáil (SC) inachánach é seo sa chás:

  • go bhfuil an éide:
    • ina n-éadaí cosanta
    • ina n-éadaí a bhfuil lógó an ghnó orthu
    • ina n-éadaí a dheartar go soiléir mar éide oibre 
  • agus
  • go bhfanann an éide faoi mhaoin an fhostóra.

Mura bhfuil fostóirí cinnte cé acu an bhfuil na héidí a sholáthraíonn siad inchánach nó nach bhfuil, ba chóir dóibh dul i dteagmháil linn trí M’Fhiosruithe chun cabhair a fháil.