Liúntas costais bhunráta
Is éard is costais chothromráta ann ná costais a chlúdaíonn costas an trealaimh atá de dhíth ar d’fhostaí le haghaidh na hoibre. Folaíonn an trealamh seo uirlisí, éidí agus stáiseanóireacht i measc trealamh eile.
Ní mór go dtabhaíonn d’fhostaí na costais seo le linn dóibh dualgais a bhfostaíochta a chomhlíonadh, agus ní mór go mbaineann siad go díreach le nádúr a bhfostaíochta. Tá na costais chothromráta seo ar fáil do réimse leathan gairmeacha. Féadtar na sonraí a fháil ar:
Déantar suim na hasbhainte a chomhaontú idir na Coimisinéirí Ioncaim agus ionadaithe na ngrúpaí nó aicmí fostaithe (oifigigh cheardchumainn de ghnáth). Féadann fostaithe uile na haicme nó an ghrúpa i gceist ansin an asbhaint chomhaontaithe a éileamh ina gcreidmheasanna cánach féin.
Féadtar costais chothromráta a éileamh ach Tuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú. Féadtar an fhoirm seo a fháil in Seirbhísí ÍMAT ar moChúrsaí.
Féadtar é seo a dhéanamh ach na céimeanna seo a leanúint:
- sínigh isteach ar moChúrsaí
- cliceáil ar an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin’ faoin gcluaisín Seirbhísí ÍMAT
- roghnaigh an tuairisceán Cánach Ioncaim don bhliain chánach chuí
- ar an leathanach ‘Creidmheasanna & Faoisimh Chánach’, roghnaigh ‘Costais chothromráta’ agus cuir leis é mar chreidmheas cánach.
Rinne na Coimisinéirí Ioncaim athbhreithniú cuimsitheach ar na liúntais costas cothromráta a chur i gcrích in 2019. Tá cur i bhfeidhm aon athruithe pleanáilte ar an gcóras costas chothromráta curtha siar go dtí 1 Eanáir 2023.
Glacadh cinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim i bhfianaise an Aire Airgeadais, a chur in iúl go leanann plé ar aghaidh maidir le roghanna beartais. Leagtar na roghanna seo amach sa pháipéar Tax Strategy Group (TSG) Income Tax Paper 21/02 , ar an gcaoi a dtabharfar aghaidh ar cheist na gcostas chothromráta.