Taifid atá le coimeád

Ní mór duit na taifid seo a leanas a choinneáil maidir le haisíocaíochtaí as taisteal agus cothabháil:

  • ainm agus seoladh an stiúrthóra nó fostaí
  • dáta an turais
  • an fáth leis an turas
  • líon na gciliméadar a bhí i gceist
  • pointe tosaigh, ceann scríbe agus pointe deiridh an turais
  • an bonn le haisíocaíocht costas taistil agus cothabhála, mar shampla, áit a mbeadh gá le hoibrí fanacht in áit eile seachas an baile thar oíche. 

Má chúitíonn tú costais iarbhír, ní mór duit gach fáltas a choinneáil. Ní mór duit gach taifead a choinneáil ar feadh sé bliana tar éis dheireadh na bliana cánach a dtagraíonn na taifid di. 

Má tá aon cheisteanna agat maidir le leordhóthanacht na dtaifead a choinníonn tú, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh le hOifig na gCoimisinéirí Ioncaim chun cúnamh a fháil.