Liúntais slánsuime

Má dhéanann tú íocaíochtaí costas slánsuime le d’fhostaí (go seachtainiúil, go míosúil, go bliantúil, nó ar bhealach eile), ní mór caitheamh leis na híocaíochtaí seo mar phá agus cáin a ghearradh orthu. Mar shampla, má íocann tú €200 sa mhí le d’fhostaí mar íocaíocht liúntais maireachtála nó cíosa, ní mór caitheamh leis an tsuim seo mar phá agus cáin a ghearradh air.

Seo a leanas roinnt íocaíochtaí slánsuime tipiciúla:

  • liúntas cairr
  • liúntas breosla
  • liúntas maireachtála nó cíosa
  • liúntas éadaí
  • liúntas tae nó lóin
  • liúntas taistil.

Féadfaidh sé go dtabhaíonn d’fhostaí costais iarbhír le linn dóibh a bheith ag obair duit. Nuair a tharlaíonn sé seo, féadtar na costais seo a chúiteamh. Ní chaithfear leis an gcúiteamh seo mar chúiteamh incháinithe sa chás:

  • gur thabhaigh d’fhostaí iad go hiomlán, go heisiach agus de riachtanas le linn dóibh a bheith ag comhlíonadh dhualgais a bhfostaíochta
  • agus
  • gur aisíocadh na costais ar bhonn admhálacha deimhnithe.

Tabhair do d'aire

Féadfaidh sé go ndéanann d’fhostaí an cinneadh na costais agus liúntais a éileamh go pearsanta ar léiriú iad ar na costais iarbhír a thabhaigh siad. Sa chás go dtarlaíonn sé seo agus go bhfuil a gcostais cúitithe agat leo, caithfear leis na suimeanna a d’íoc tú mar thuarastal incháinithe.