Fostaíocht a thosú nó a fhágáil (P45)

Rannán na sonraí ginearálta ar an P45 a chomhlánú

Tabhair do d’aire

Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le fostaíochtaí a scoireadh ar 31 Nollaig 2018 nó roimhe.

Ní iarrtar ort P45 a eisiúint i gcás fostaíochtaí a scoirtear tar éis 31 Nollaig 2018. Le heolas a fháil ar riachtanais reatha, féach ar  Dualgais fostóra ó 1 Eanáir 2019.

Cén fáth go bhfuil ceithre chuid sa P45?

Tá cuspóir ar leith le gach cuid den P45.

Ní mór duit Cuid 1 a chur isteach chuig na Coimisinéirí Cánach chomh luath is a fhágann fostaí do chuid fostaíochta. Má dhéanann tú moill ag cur isteach Cuid 1, beidh taifead pá agus cánach an fhostaí roimhe seo neamhiomlán. Gearrfar cáin orthu ar bhonn seachtain 1 i bpost sa todhchaí nó go bhfaighimid é seo.

Ba chóir d'aon fhostaí nua Cuid 2 agus 3 den P45 a thabhairt duit. Coinnigh Cuid 2 le do chuid taifead. Ní mór duit Cuid 3 a chur isteach chuig na Coimisinéirí Ioncaim chun iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Creidmheasanna Cánach (P2C) d'fhostaí nua.

Bainfidh fostaí úsáid as Cuid 4 má tá sé nó sí ag iarraidh éileamh a dhéanamh ar Shochar Cuardaitheora Poist ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (RGFCS).

Má fhaigheann d'fhostaí bás ní mór na ceithre cuid den P45 a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

Dáta tosaithe

Comhlánaigh an chuid seo má thosaigh d'fhostaí ag obair duit tar éis 1 Eanáir na bliana reatha.

Féadfaidh sé gur oibrigh siad duit thar thréimhse amháin sa bhliain reatha. Más amhlaidh, ba chóir duit an dáta tosaithe is deireanaí a ionchur.

Creidmheasanna cánach seachtainiúil nó míosúil, scoithphointe ráta caighdeánach

Cuir isteach na méideanna creidmheasanna cánach agus na scoithphointe rátaí caighdeánacha. Braitheann sé seo ar an mbealach ar gearradh cáin ar an bhfostaí ar an dáta ar d'fhág siad:

  • bonn carnach nó bonn seachtain 1 nó mí 1 – cuir isteach an méid a taispeánadh ar a Deimhniú Creidmheasa Cánach (P2C) deiridh
  • bonn sealadach – cuir isteach an méid a taispeánadh ar a P45
  • bonn éigeandála – cuir isteach na creidmheasanna cánach agus scoithphointí cánach iomlán infheidhme ar a bpá go dáta.

Roghnaigh an mhinicíocht pá a raibh feidhm léi ag an dáta fágála.

  • ‘0’ má híoctar go seachtainiúil,
  • ‘1’ má híoctar go coicísiúil,
  • ‘2’ má híoctar go míosúil,
  • ‘3’ má híoctar gach ceithre seachtaine
  • ‘4’ má híoctar ar mhinicíocht phá ‘eile’.    

 Cuir isteach an uimhir tréimhse pá in ar fhág d'fhostaí do chuid fostaíochta.

Ar aghaidh: Rannán Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) ar an P45 a chomhlánú