Fostaíocht a thosú nó a fhágáil (P45)
Na rannáin um an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) agus Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) ar an P45 a chomhlánú
Tabhair do d’aire:
Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le fostaíochtaí a scoireadh ar 31 Nollaig 2018 nó roimhe.
Ní iarrtar ort P45 a eisiúint i gcás fostaíochtaí a scoirtear tar éis 31 Nollaig 2018. Le heolas a fháil ar riachtanais reatha, féach ar Dualgais fostóra ó 1 Eanáir 2019.
Rannán um an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU)
Scoithphointe seachtainiúil nó míosúil MSU 1, 2 agus 3
Cuir isteach an tsuim a taispeánadh ar Dheimhniú Creidmheasanna Cánach (P2C) deireanach d'fhostaí nó P45 an fhostóra roimhe seo.
Rannán (d): Iomlán pá comhlán chun críche MSU agus MSU a asbhaineadh ón 1 Eanáir go dáta scoir
Cuir isteach suim an phá iomlán a húsáideadh chun an tsuim MSU dlite a ríomh. Ba chóir go mbeadh an ríomh seo ó 1 Eanáir go dtí an dáta ar fhágadar d'fhostaíocht.
Iomlán MSU asbhainte
Cuir isteach suim iomlán na cánach MSU asbhainte ó d'fhostaí ón 1 Eanáir go dtí an dáta ar fhágadar d'fhostaíocht.
Rannán (e): Má cuireadh tús leis an bhfostaíocht ón 1 Eanáir i leith
Cuir isteach suim iomlán na cánach MSU asbhainte ó d'fhostaí ón 1 Eanáir go dtí an dáta ar fhágadar d'fhostaíocht.
Pá comhlán chun críocha MSU
Níor chóir duit é seo a chomhlánadh ach sa chás gur thosaigh an fhostaíocht deiridh tar éis an 1 Eanáir.
MSU asbhainte nó aisíoctha
Cuir isteach an tsuim MSU asbhainte nó aisíoctha do d'fhostaí sa tréimhse deiridh fostaíochta. Níor chóir lúibíní nó comhartha caillteanais a bheith san fhigiúr a chuireann tú isteach.
Má aisíocadh an figiúr cánach i rannán (f) le d'fhostaí cuir marc 'x' sa bhosca.
Díolúine MSU (de réir P2C)
Cuir ‘x’ sa bhosca má bhí an fostaí díolmhaithe ó MSU a íoc ar an dáta fágála. Ní fhéadfaidh díolúine MSU a chur i bhfeidhm ach amháin go bhfuil sé luaite ar Dheimhniú Creidmheasanna Cánach (P2C) an fhostaí.
Rannán ÁSPC
Don rannán seo ciallaíonn 'an fhostaíocht seo' an tréimhse deiridh fostaíochta.
ÁSPC iomlán
Cuir isteach an tsuim iomlán ÁSPC a híocadh le linn an tréimhse fostaíochta seo amháin.Tá scair d'fhostaí móide do scair féin ináirithe anseo.
Scair an fhostaí
Cuir isteach an tsuim iomlán ÁSPC asbhainte ó d'fhostaí le linn an tréimhse fostaíochta seo amháin.
Díolúine ó ÁSPC
Cuir ‘x’ sa bhosca má bhí an fostaí díolmhaithe ó ÁSPC a íoc ar an dáta fágála.
Ar aghaidh: P45 a thíolacadh agus dátaí íocaíochta le haghaidh an P45 fhorlíontaigh