D’íoc fostóir pá le fostaithe sa chéad seachtain in 2019. Rinneadh an íocaíocht seo i ndáil le hobair a rinneadh i seachtain 52 de 2018.
Ba chóir an méid seo a leanas a dhéanamh leis an íocaíocht:
- é a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim ar an dáta íocaíochta i mí Eanáir, nó roimhe sin
- an íocaíocht a chur san áireamh i ráiteas míosúil Eanáir 2019
- cáin a ghearradh ar an íocaíocht leis na creidmheasanna cánach sheachtain 1 do 2019 de réir Fhógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI).