Tairseacha, rátaí agus rialacha um chomhiomlánú don Cháin Fáltas Caipitiúil (CFC)

Grúpaí CFC agus grúpthairseacha

Tabhair do d’aire

Tá Bronntanais agus Oidhreachtaí tógtha ag Céile nó Páirtnéir Sibhialta díolmhaithe ó CFC.

Más baintreach, baintreach fir nó i do pháirtnéir sibhialta marthanach tú, Faoiseamh i leith Céile nó Páirtnéir Sibhialta Mharthanaigh d’féadfaidh sé go mbaineann sé leat. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag an bhfaoiseamh seo ar an tairseach a bhaineann leat. 

Ní chaithfear cáin a íoc i leith bronntanais ná oidhreachta má tá a luach incháinithe faoi thairseach áirithe. Braitheann an tairseach a úsáideann tú ar do ghaol leis an diúscróir. Ní mór cáin a íoc i leith aon luach atá fágtha os cionn na tairsí sin. Tá trí ghrúpthairseach ann.

Grúpthairseacha

Tabhair do d’aire

Folaíonn ‘leanbh’ leanbh uchtaithe agus leasleanbh.

Grúpa A

Beidh feidhm ag an nGrúpthairseach A sa chás gur tusa duine de na daoine seo, an tairbhí, ar dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta:

  • leanbh de chuid:
    • an diúscróra
    • pháirtnéir sibhialta an diúscróra
  • leanbh mionaoiseach, faoi 18 mbliana d’aois, de chuid leanbh éagtha:
    • an diúscróra 
    • nó pháirtnéir sibhialta an diúscróra 
  • leanbh mionaoiseach de chuid páirtnéara shibhialta an linbh éagtha de chuid: 
    • an diúscróra
    • pháirtnéir sibhialta an diúscróra
  • leanbh altrama de chuid an diúscróra, i gcúinsí áirithe
  • tuismitheoir de chuid an diúscróra agus go bhfaigheann tú leas iomlán in oidhreacht ar bhás do linbh. Ní cháilíonn leas teoranta a fhaightear le hoidhreacht do thairseach Ghrúpa A. 

Tabhair do d’aire

Féadfaidh roinnt maoin éagsúil a bheith in Eastát. Níl sé riachtanach go bhfaigheadh tuismitheoir Eastát iomlán le hoidhreacht d’fhonn leas iomlán a thógáil ann. Faigheann duine leas iomlán i maoin le hoidhreacht mura bhfuil aon choinníollacha nó srianta i ndáil leis an maoin sin curtha i bhfeidhm ag an duine éagtha.

Sampla 1

Fuair Micheál bás agus d’fhág sé an méid seo ina uacht:

- teach lena mháthair, Caitríona

- cuntas bainc lena athair, Ádamh

   agus

- scaireanna lena dheirfiúr, Siubhán.

Mar gheall go bhfuair an bheirt tuismitheoirí oidhreacht iomlán gan aon choinníollacha leis, baineann Grúpthairseach A le sochar Chaitríona agus Ádaimh ó Mhicheál.

Sampla 2

Fuair Ciara bás agus d’fhág sí an méid seo ina huacht:

- scaireanna lena deirfiúr, Clár

- an t-ioncam ó na scaireanna lena máthair, Áine, dá saol

- teach cónaithe le Clár

- leas saol sa teach cónaithe sin le hÁine

   agus

- cuntas bainc le hÁine. 

Sa chás seo, beidh dhá ghrúpthairseach i bhfeidhm ar oidhreacht Áine.

Baineann Grúpthairseach A leis an gcuntas bainc mar gheall gur leas iomlán é seo.

Baineann Grúpthairseach B leis an ioncam ó na scaireanna agus leis an leas saoil sa teach cónaithe mar gheall gur leasanna teoranta iad seo.

Grúpa B

Beidh feidhm ag an nGrúpthairseach B sa chás gur tusa duine de na daoine seo, an tairbhí, ar dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta:

  • tuismitheoir an diúscróra, nuair a thógtar bronntanas nó leas teoranta
  • deartháir nó deirfiúr de chuid an diúscróra
  • leanbh dearthár nó deirféar de chuid an diúscróra (féadfaidh sé go mbeidh feidhm ag an bhFaoiseamh do Neacht nó Nia is fearr.)
  • leanbh de chuid an pháirtnéara shibhialta de chuid dearthár nó deirféar de chuid an diúscróra
  • dírshinsear de chuid an diúscróra, amhail seantuismitheoir
  • dírshliochtach de chuid an diúscróra amhail garleanbh (seachas dírshliochtach dá dtagraítear i ngrúpa A).

Sa chás gur tairbhí thú, a bhí ar altramas,  d’fhéadfadh tairseach Ghrúpa B a bheith ar fáil má fhaightear an bronntanas nó oidhreacht:

  • ó ghaol do thuismitheoir altrama
  • ó dhuine a bhí altramaithe ag do thuismitheoir altrama freisin.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Faoiseamh i leith Leanbh Altrama.

Grúpa C

Beidh feidhm ag an nGrúpthairseach C sa chás nach bhfuil gaol agat, an tairbhí, ar dháta an bhronntanais nó na hoidhreachta, leis an diúscróir i nGrúpa A ná B.

Grúpthairseacha 

Tá suim tairsí saor ó cháin ag gach grúpa. Is tairseach charnach atá i gceist agus baineann sí le hiomlán na sochar incháinithe a fuair tú sa ghrúpa sin. (Ní mór luach incháinithe na mbronntanas agus na n-oidhreachtaí a fuarthas cheana sa ghrúpa céanna, ón 5 Nollaig 1991, a chur san áireamh.)

Ní íoctar cáin ach ar luach bronntanais nó oidhreachta os cionn shuim na grúpthairsí saor ó cháin.

Tairseacha infheidhme saor ó cháin ón 7 Nollaig 2011
  Grúpa AGrúpa BGrúpa C
Ar an 09 Deireadh Fómhair 2019, nó dá éis

€335,000

€32,500

€16,250

10 Deireadh Fómhair 2018 – 08 Deireadh Fómhair 2019

€320,000

€32,500

€16,250

12 Deireadh Fómhair 2016 – 09 Deireadh Fómhair 2018

€310,000

€32,500

€16,250

14 Deireadh Fómhair 2015 – 11 Deireadh Fómhair 2016

€280,000

€30,150

€15,075

06 Nollaig 2012 – 13 Deireadh Fómhair 2015

€225,000

€30,150

€15,075

07 Nollaig 2011 – 05 Nollaig 2012

€250,000

€33,500

€16,750

Ar aghaidh: Rátaí CFC