Earraí a cheannach ar líne le haghaidh úsáid phearsanta

Earraí a cheannach ó Ghiobráltar, na hOileáin Chanáracha nó na hOileáin Mhuir nIocht

Má tá tú ag ceannach earraí ó Ghiobráltar, na hOileáin Chanáracha nó na hOileáin Mhuir nIocht, níl aon Dleacht Custam iníoctha.

Tá Cáin Bhreisluacha (CBL) iníoctha ag an ráta a bhaineann le díol earraí comhchosúla in Éirinn má tá a luach custam níos mó ná €22.00. Áirítear sa luach custam costas, iompar, árachas agus muirir láimhseála.

Tá Dleacht Mháil iníoctha ar tháirgí alcóil agus tobac beag beann ar a luach. Ní mór é seo a íoc ag d’Oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim sula seolfar na hearraí chugat. Féach an t-eolas ar an gcáin ar tháirgí alcóil agus ar an gcáin ar tháirgí tobac le haghaidh tuilleadh eolais.

Ar aghaidh: Cén chaoi le d'earraí a aimsiú tar éis dóibh teacht go hÉirinn