Faoiseamh ó Dhleacht Custam agus CBL ar bhronntanais agus ar choinsíneachtaí ar luach íseal
Nós imeachta ag tráth na hiompórtála
Bronntanais
Má sheolann tú d’earraí tríd an bpost, ba chóir 'Bronntanas’ a mharcáil ar an dearbhú (CN22 nó CN23) ar an mbeart. Ba chóir luach na n-earraí atá i gceist a lua, i dteannta leis na sonraí a bhíonn ag teastáil de ghnáth a thabhairt.
Má sheolann tú d’earraí ar bhealach seachas tríd an bpost, trí chúiréir, mar shampla, ba chóir duit:
- dearbhú leictreonach custam a chomhlánú trí Chóras Iompórtála Uathoibríoch (CIU) nua na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid
- na hearraí a dhearbhú mar bhronntanas ar an dearbhú seo
- agus
- na cóid seo a leanas a chur isteach in D/E 1/11 den dearbhú:
- Cód C08 chun an faoiseamh ó Dhleacht Custam agus Cáin Bhreisluacha (CBL) a éileamh i ndáil le bronntanais nach mó ná €45 ar luach iad.
- Cód 1C1 chun cur isteach ar an ráta comhréidh dleachta ar earraí indleachta nach sáraíonn luach €700.
Earraí ar luach íseal
Má tá na hearraí á n-iompórtáil agat tríd an bpost, ba chóir ‘Luach Neamhbhríoch’ a mharcáil ar an dearbhú (CN22 nó CN23) ar an mbeart. Chomh maith leis sin, ba chóir luach na n-earraí atá i gceist a lua, i dteannta leis na sonraí a bhíonn ag teastáil de ghnáth.
Má tá tú ag iompórtáil d’earraí ar bhealach seachas tríd an bpost, le cúiréir, mar shampla, ba chóir duit:
- dearbhú leictreonach custam a chomhlánú trí Chóras Iompórtála Uathoibríoch (CIU) nua na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid
- dearbhú gur coinsíneacht ar luach neamhbhríoch iad na hearraí
- agus
- an cód C07 a chur in D/E 1/11 den dearbhú.
Má tá cabhair uait chun an dleacht agus an cháin a d’fhéadfadh a bheith ort a íoc ar na hearraí a iompórtálann tú a ríomh, féach Earraí a cheannach ar líne ó thaobh amuigh den AE.
Tuilleadh eolais
Má tá tuilleadh eolais uait, féadtar teagmháil a dhéanamh leis an Aonad um Údaruithe agus Faoisimh.