Is fostaithe ÍMAT iad Úna agus Doireann. Is páirtnéirí sibhialta iad agus gearrtar cáin orthu faoin mbonn measúnaithe chomhpháirtigh. Tá ioncam bliantúil €54,000 ag Úna. Is í Doireann an saothraí is ísle agus tá ioncam bliantúil €28,300 aici.
Toisc go bhfuil Úna agus Doireann araon ag obair, tá an banda ráta méadaithe dlite dóibh. Méadaítear é de bhun €27,800. Tá sé seo mar tá an t-ioncaim uasta (€28,300) níos airde ná €27,800.
Tá banda ráta €73,600 (€45,800 + €26,300) ag Úna agus Doireann.