Do Cháin Ioncaim a ríomh
Céard is banda ráta cánach ann?
Is éard is banda ráta cánach ann ná suim an ioncaim a ngearrfar cáin uirthi ag céatadán áirithe (ráta cánach). Is iad 20% agus 40% na rátaí reatha cánach. Gearrfar 20% ar sciar de d’ioncam, agus an fuílleach ag 40%.
Ráta caighdeánach cánach
Gearrtar Cáin Ioncaim ag an ráta caighdeánach, is é sin 20% faoi láthair, ar d’ioncam suas le teorainn áirithe. Tugtar an banda ráta caighdeánach air seo.
Ardráta cánach
Gearrtar cáin ag an ardráta Cánach Ioncaim, is é sin 40% faoi láthair, ar aon ioncam os cionn do bhanda ráta chaighdeánaigh.
Céard é do bhanda ráta?
Braitheann suim do bhanda ráta chaighdeánaigh ar do chúinsí pearsanta. Mar shampla cé acu an bhfuil tú:
Féadtar teacht ar liosta de na bandaí ráta cánach, i leith na bliana reatha agus na gceithre bliana roimhe, sa Chairt rátaí cánach, bandaí agus faoisimh.
An chaoi a n-oibríonn bandaí ráta
Más fostaí thú, léireofar do bhanda ráta cánach ar do Dheimhniú Creidmheasanna Cánach. Bainfidh d’fhostóir úsáid as seo chun an tsuim chánach atá le hasbhaint ó do phá sheachtainiúil nó míosúil a ríomh.
Faoin gcóras Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT), roinntear bandaí ráta cánach go cothrom i rith na bliana. Má tá tú ag obair don bhliain iomlán – ag brath ar mhinicíocht do phá, déanfar do bhandaí ráta cánach a roinnt ar na bealaí seo a leanas:
- 52 suim seachtainiúil cothrom
- 12 suim míosúil cothrom.
Má tá dhá phost nó níos mó agat, féadfaidh tú do bhanda ráta a roinnt eatarthu.
Bandaí ráta gan úsáid
Ní fhéadtar aisíocaíocht a fháil ar aon bhandaí ráta cánach gan úsáid, agus ní fhéadtar iad a aistriú go bliain eile chánach.
Sampla 1
In 2020, bhí Áine singil agus thuill sí €750 sa tseachtain.
Toisc go bhfuil Áine ina duine singil, an banda ráta atá aici ná €35,300 sa bhliain. Ba é €678.85 an tsuim sheachtainiúil (€35,300/52).
Ciallaíonn sé seo go ngearrtar cáin ag an ráta caighdeánach 20% ar an gcéad €678.85 de phá Áine. Gearrtar cáin ag an ardráta cánach 40% ar an iarmhéid €71.15 (€750 - €678.85).
Beidh creidmheasanna cánach, liúntais agus faoisimh i bhfeidhm ar a cuid tuilleamh.
Sampla 2
In 2020 bhí Cóilín singil agus thuill sé €370 sa tseachtain.
Toisc go bhfuil Cóilín ina dhuine singil, an banda ráta atá aige ná €35,300 sa bhliain. Is é €678.85 an tsuim sheachtainiúil (€35,300/52).
Cuir an ráta caighdeánach 20% i bhfeidhm ar a ioncam suas le teorainn an bhanda ráta (€678.85).
Tá ioncam Chóilín níos lú ná teorainn a bhanda ráta chaighdeánaigh. Ní íocann sé cáin ag an ardráta 40%.
Ar aghaidh: Céard is banda ráta méadaithe ann?