Pinsin agus cáin

Cánachas neamhchónaitheoirí a fhaigheann pinsean

Is foinsí incháinithe ioncaim in Éirinn iad gach pinsean.

Féadtar a bheith cónaitheach ó thaobh cánach i dtír a bhfuil Comhaontú um Chánachas Dúbailte aici le hÉirinn. Má tá, féadfaidh sé go mbeidh tú in ann díolúine a éileamh nó aisíocaíocht a fháil ar cháin Éireannach ar phinsean Éireannach.

Ba chóir duit Foirm IC2 a chomhlánú. Tá treoracha breise ar an bhFoirm IC2 maidir leis an bhfoirm a chomhlánú.