Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP)

Is uimhir shainiúil tagartha í d'Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) a theastaíonn chun déileáil le gníomhaireachtaí seirbhíse poiblí, na Coimisinéirí Ioncaim san áireamh.

Is é an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) a thugann uimhreacha PSP.

Má tá tú neamhchónaitheach in Éirinn, féadtar teagmháil a dhéanamh leis an aonad Seirbhísí Aitheantais Cliant san RCS. Féadtar é seo a dhéanamh ach:

  • ríomhphost a sheoladh chuig cis@welfare.ie
  • glaoch ar 0818 927 999 (nó ar +353 71 9672616, má táthar ag glaoch ó áit thar lear).

Seolfaidh siad na foirmeacha cuí chugat chun UPSP nua a iarraidh. Nuair a bheidh na foirmeacha seo curtha ar ais agat, déanfaidh siad teagmháil leat tríd an bpost chuig an seoladh a thug tú ar an bhfoirm iarratais.

Athruithe d’eolas pearsanta

Tá an RCS freagrach as an UPSP a bhainistiú do gach duine aonair, athruithe ainm agus aithint inscne san áireamh. Le haghaidh tuilleadh eolais air seo breathnaigh ar shuíomh idirlín na Roinne Coimirce Sóisialaí ar:

Ní leasóidh na Coimisinéirí Ioncaim do thaifead cánach ach amháin maidir le d’ainm nó d’inscne nuair atá taifid UPSP an RCS tugtha suas chun dáta.

Uimhreacha PSP ‘W’

Go stairiúil, ghlacadh bean chéile UPSP a fir céile ach ‘W’ a chur le deireadh na huimhreach. Mar shampla, má ba é 1234567A UPSP an fhir chéile, thugtaí an uimhir 123567AW ar a bpósadh. Rinneadh é seo le gur féidir taifid lánúin atá faoi mheasúnú comhpháirteach a nascadh ar chórais na gCoimisinéirí Ioncaim.

Tháinig deireadh leis an nós seo sna 1990í. Tá uimhreacha ‘W’ a bhí in úsáid an t-am sin fós á n-úsáid anois. Má tá UPSP ‘W’ agat, beidh ort ceann nua a fháil má thagann athrú ar do chúinsí, amhail idirscaradh nó bás céile.

Tá sé tábhachtach go bhfaigheann tú UPSP ionaid mar gheall ar an méid seo a leanas:

  • le go bhféadtar cáin éigeandála a sheachaint
  • le cinntiú go bhfaigheann tú na creidmheasanna cánach agus banda ráta cearta
  • chun críocha na Cánach Maoine Áitiúil (CMÁ)
  • chun críocha na Cánach Gnóthachan Caipitiúil (CGC).

Céard is gá a dhéanamh

Beidh ort teagmháil a dhéanamh leis an Rannán Aitheantais Cliant sa Roinn Coimirce Sóisialaí ar 071 9672616 chun UPSP ionaid a shocrú. Tabharfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí ceann díobh seo a leanas duit:

  • UPSP nua
  • do shean UPSP a chur chun feidhme arís, má eisíodh UPSP chugat tar éis 1979 agus sular phós tú.

Ba chóir an méid seo a leanas a bheith san áireamh in iarratais agus fiosruithe chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí ar an ábhar seo:

  • an UPSPS ‘W’
  • sloinne breithe
  • sloinne breithe na máthar
  • dáta breithe
  • UPSP roimh phósadh, más eol é.

Tar éis duit do UPSP ionaid a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim leis an UPSP nua a chlárú chun críocha cánach. Chomh maith leis sin, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le aon eagraíocht eile a d’fhéadfadh do shean UPSP W’ a bheith acu, d’fhostóir nó do sholáthraí pinsin, mar shampla.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín na RCS.