Cónaitheacht chánach

Cáin agus creidmheasanna cánach do neamhchónaitheoirí

Más duine neamhchónaitheach thú, beidh tionchar ag do ghnáthchónaitheacht agus do shainchónaitheacht ar an gcaoi a ngearrtar cáin ort.

Daoine a bhfuil gnáthchónaí agus sainchónaí in Éirinn orthu

Féadfaidh sé go bhfuil tú neamhchónaitheach, gnáthchónaitheach agus sainchónaitheach in Éirinn ar feadh bliain chánach. Sa chás seo, íocfaidh tú cáin Éireannach ar d’ioncam domhanda seachas:

  • ar d’ioncam eachtrach ó thrádáil, gairm nó fostaíocht déanta taobh amuigh d’Éirinn
  • ar d’ioncam infheistíochta eachtrach má tá sé níos lú ná €3,810.

Duine nach bhfuil gnáthchónaí agus sainchónaí in Éirinn orthu

Féadfaidh sé go bhfuil tú neamhchónaitheach, neamh-gnáthchónaitheach agus shainchónaitheach in Éirinn ar feadh bliain chánach. Sa chás seo íocfaidh tú cáin Éireannach:

  • ar d’ioncam Éireannach agus ioncam ó thrádáil, gairm nó fostaíocht déanta in Éirinn
  • ar ghnóthachain a rinne tú in Éirinn.

Neamh-gnáthchónaitheach agus neamh-shainchónaitheach in Éirinn

Féadfaidh sé go bhfuil tú neamhchónaitheach, neamh-gnáthchónaitheach agus neamh-shainchónaitheach in Éirinn ar feadh bliain chánach. Sa chás seo íocfaidh tú cáin Éireannach:

  • ar d’ioncam Éireannach agus ioncam ó thrádáil, gairm nó fostaíocht déanta in Éirinn
  • ar ghnóthachain déanta ar shócmhainní sainithe Éireannacha amháin (talamh, foirgnimh, mianraí agus sócmhainní trádála déanta in Éirinn).

Creidmheasanna cánach

Saoránaigh nó náisiúnaigh an Aontais Eorpaigh (AE)

Faigheann tú creidmheasanna cánach iomlána ar bhonn carnach má bhíonn ar a laghad 75 faoin gcéad ar a laghad de d’ioncam domhanda incháinithe in Éirinn.

Féadfaidh tú sciar de chreidmheasanna cánach a fháil má tá níos lú ná 75 faoin gcéad de d’ioncam domhanda incháinithe in Éirinn.

Saoránach tíre a bhfuil conradh cánach aici le hÉirinn

Más ó Éirinn an t-aon fhoinse ioncaim atá agat, gheobhaidh tú creidmheasanna iomlána cánach ar bhonn carnach.

Má tá foinse ioncaim agat nach ó Éirinn í, féadfaidh tú sciar de creidmheasanna cánach a fháil.

Neamhchónaitheoirí eile

Ní fhaigheann aon neamhchónaitheoirí eile aon chreidmheasanna cánach.

Ar aghaidh: Céard is Ordú Eisiaimh ÍMAT ann?