Cónaitheacht chánach

Conarthaí cánach idir Éirinn agus tíortha eile

Tá conarthaí cánach ag Éirinn le níos mó ná 70 tír. Cinntíonn na comhaontuithe um chánachas dúbailte seo nach ngearrtar cáin arís i dtír amháin ar ioncam ar gearradh cáin air i dtír eile.

Faoi chomhaontú cánach, féadfar creidmheas cánach nó díolúine ó cháin a dheonú ar roinnt cineálacha ioncaim, bíodh siad:

  • i dtír do chónaitheachta
  • sa tír inar thuill tú an t-ioncam.